+Airteagal 8 1a.

Airteagal 8 1a.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, pointe (i):

(a) 

faisnéis faoi na tionchair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a bhíonn ag dramhaíl atá comhdhéanta de POPanna, ina bhfuil POPanna nó atá éillithe le POPanna, lena n-áirítear tionchair ar bhainistiú dramhaíola;

(b) 

faisnéis faoi thiúchain agus sreafaí maise POPanna i sruthanna ábhartha dramhaíola agus faisnéis faoi acmhainneachtaí cóireála dramhaíola agus acmhainneachtaí cóireála;

(c) 

anailís ar thionchair na dteorainnluachanna tiúchana éagsúla a bhreithnítear agus an tuarascáil á tarraingt suas;

(d) 

togra réasúnaithe maidir le teorainnluachanna tiúchana atá le thabhairt isteach in Iarscríbhinn IV agus, de réir mar is iomchuí, in Iarscríbhinn V.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, a luaithe a gheobhaidh sí an iarraidh dá dtagraítear i mír 1, pointe (i), fógra a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin go n-ullmhófar tuarascáil maidir le leasú féideartha ar Iarscríbhinn IV nó V. Iarrfar leis an bhfógra freisin ar na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear oibreoirí dramhaíola agus úsáideoirí ábhar athchúrsáilte, barúlacha a thíolacadh laistigh de 8 seachtaine. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na barúlacha sin ar a suíomh gréasáin.

9 mí ar a dhéanaí tar éis thíolacadh na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, pointe (i), den Airteagal seo, déanfaidh Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta, arna chur ar bun de bhun Airteagal 76(1), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tuairim a ghlacadh maidir leis an tuarascáil agus maidir leis na teorainnluachanna tiúchana a mholtar inti. Chun na críche sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Ansin, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil agus tuairim an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch maidir leis na teorainnluachanna tiúchana a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1021
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.