|
+Airteagal 13 1. |
Airteagal 13 1.Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil a tharraingt suas agus a fhoilsiú ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a)
faisnéis maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear faisnéis maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, sáruithe agus pionóis;
(b)
faisnéis arna tiomsú ó na fógraí a fuarthas de bhun Airteagal 4(2) agus (3), Airteagal 5(2) agus phointe (b)(iv) d'Airteagal 7(4);
(c)
faisnéis arna tiomsú ó na fardail scaoilte arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 6(1);
(d)
faisnéis faoi chur chun feidhme i gcomhréir leis na pleananna náisiúnta cur chun feidhme arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 9(2);
(e)
faisnéis faoi shubstaintí a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn III a bheith ann sa chomhshaol, arna tiomsú de bhun Airteagal 10;
(f)
sonraí bliantúla staidrimh agus faireacháin maidir leis an monarú iomlán iarbhír nó measta agus an cur ar an margadh i gcás aon substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn II, lena n-áirítear táscairí ábhartha, léarscáileanna forléargais, tuarascálacha. Déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil a mhéid go bhfuil sonraí nó faisnéis nua ar fáil, agus seachas sin gach 3 bliana ar a laghad. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain ar an bhfaisnéis atá sna tuarascálacha don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|