+Airteagal 13 Faireachán ar chur chun feidhme
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.

Airteagal 13 Faireachán ar chur chun feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil a tharraingt suas agus a fhoilsiú ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a) 

faisnéis maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear faisnéis maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, sáruithe agus pionóis;

(b) 

faisnéis arna tiomsú ó na fógraí a fuarthas de bhun Airteagal 4(2) agus (3), Airteagal 5(2) agus phointe (b)(iv) d'Airteagal 7(4);

(c) 

faisnéis arna tiomsú ó na fardail scaoilte arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 6(1);

(d) 

faisnéis faoi chur chun feidhme i gcomhréir leis na pleananna náisiúnta cur chun feidhme arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 9(2);

(e) 

faisnéis faoi shubstaintí a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn III a bheith ann sa chomhshaol, arna tiomsú de bhun Airteagal 10;

(f) 

sonraí bliantúla staidrimh agus faireacháin maidir leis an monarú iomlán iarbhír nó measta agus an cur ar an margadh i gcás aon substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn II, lena n-áirítear táscairí ábhartha, léarscáileanna forléargais, tuarascálacha.

Déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil a mhéid go bhfuil sonraí nó faisnéis nua ar fáil, agus seachas sin gach 3 bliana ar a laghad.

Tabharfaidh na Ballstáit rochtain ar an bhfaisnéis atá sna tuarascálacha don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht.

Airteagal 13 2.
I gcás ina gcomhroinnfidh Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA), léireoidh an Ballstát sin é sin sa tuarascáil agus, trí dhéanamh amhlaidh, measfar go bhfuil a oibleagáidí tuairiscithe faoin bpointe sin comhlíonta ag an mBallstát.

I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), i dtuarascáil Ballstáit a soláthraíodh don Ghníomhaireacht, déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis a tharchur chuig EEA chun an fhaisnéis sin a thiomsú, a stóráil agus a chomhroinnt

Airteagal 13 3.
Maidir leis na substaintí a liostaítear sa Choinbhinsiún, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht na Gníomhaireachta, de réir na n-idirthréimhsí a chinnfidh Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, tuarascáil a thiomsú ar bhonn na faisnéise arna soláthar don Ghníomhaireacht ag na Ballstáit i gcomhréir le pointe (f) de mhír 1 agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin í.
Airteagal 13 4.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil forléargais ar an Aontas a thiomsú agus a fhoilsiú ar bhonn na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a fhoilseoidh nó a sholáthróidh na Ballstáit. Áireofar leis an tuarascáil forléargais ar an Aontas, mar is iomchuí, táscairí le haghaidh aschuir, thorthaí agus thionchair an Rialacháin seo, léarscáileanna forléargais ar an Aontas agus tuarascálacha na mBallstát. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil forléargais ar an Aontas a thabhairt cothrom le dáta gach 6 mhí ar a laghad nó arna iarraidh sin don Choimisiún.
Airteagal 13 5.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhaineann leis an bhfaisnéis íosta nach mór a sholáthar i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear sainiú táscairí ábhartha, léarscáileanna forléargais agus tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1021
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.