+Airteagal 3e 2.

Airteagal 3e 2.

Deanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha úsáid a bhaint as dhá chritéar ar a laghad de na critéir seo a leanas mar shonraíochtaí teicniúla nó mar chritéir dhámhachtana, a mbainfidh ceann amháin ar a laghad díobh le rannchuidiú na tairisceana le slándáil an tsoláthair mar a leagtar amach i bpointí (a) go (d), ag brath ar staid an mhargaidh agus i gcomhréir le Treoir 2014/23/AE, 2014/24/AE nó 2014/25/AE, agus leis an reachtaíocht earnála is infheidhme, chomh maith le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le Soláthar Rialtais (“GPA”) agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal:

(a) 

cion de tháirgí na dtairiscintí de thionscnamh tríú tíortha, mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ); ní bheidh feidhm ag an gcritéar sin ach amháin i leith táirgí tairiscintí de thionscnamh tíortha nach tíortha páirtithe in GPA iad agus nach bhfuil comhaontú saorthrádála, lena n-áirítear rialacha maidir le soláthar poiblí, tugtha i gcrích acu leis an Aontas;

(b) 

an infhaighteacht ar pháirteanna spártha bunriachtanacha mar atá faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann le haghaidh fheidhmiú an trealaimh atá faoi réir na tairisceana;

(c) 

gealltanas ón tairgeoir nach ndéanfaidh athruithe ionchasacha ina shlabhra soláthair le linn fhorghníomhú an chonartha dochar d’fhorghníomhú an chonartha;

(d) 

deimhniú nó doiciméadacht lena léirítear go gcuireann eagrú shlabhra soláthair an tairgeora ar a chumas dó an ceanglas maidir le slándáil an tsoláthair a chomhlíonadh.

(e) 

inbhuanaitheacht comhshaoil a théann thar na híoscheanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha is infheidhme de chuid an Aontais.

Ní chuirfear bac leis an gcéad fhomhír ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha ó chritéir bhreise a úsáid.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.