+Airteagal 6b Díolúine do mhonaróirí nach dtáirgeann ach líon beag feithiclí tromshaothair
---+Airteagal 6b 1.
---+Airteagal 6b 2.
---+Airteagal 6b 3.
---+Airteagal 6b 4.
---+Airteagal 6b 5.
---+Airteagal 6b 6.

Airteagal 6b Díolúine do mhonaróirí nach dtáirgeann ach líon beag feithiclí tromshaothair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6b 1.
I gcás ina gcláraíonn monaróir níos lú ná 100 feithicil nua tromshaothair i dtréimhse thuairiscithe ar leith, socrófar meánastaíochtaí sonracha CO2 dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus i bpointe 2.7 d’Iarscríbhinn I agus na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 dá bhforáiltear in Airteagal 6 agus i bpointe 4.1 d’Iarscríbhinn I mar “0” le haghaidh na tréimhse thuairiscithe sin.
Airteagal 6b 2.
I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfar luachanna na meánastaíochtaí sonracha CO2 ná na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 a áireamh i bhfoilsiú na sonraí faoi Airteagal 11 i gcás na monaróirí agus na dtréimhsí tuairiscithe lena mbaineann.
Airteagal 6b 3.

Ní chuirfear an díolúine a leagtar síos i mír 1 i bhfeidhm i dtréimhse tuairiscithe ar leith in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

má iarrann an monaróir amhlaidh;

(b) 

má dhéanann an monaróir iarraidh ar fheithiclí tromshaothair a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 6a;

(c) 

más cuid é an monaróir de ghrúpa monaróirí bainteacha a chláraigh, i dteannta a chéile, níos mó ná 100 feithicil tromshaothair sa tréimhse thuairiscithe sin, nó más cuid é de ghrúpa monaróirí bainteacha ina bhfuil monaróir a bhfuil feidhm ag pointe (a) nó (b) ina leith.

Airteagal 6b 4.
Monaróirí nach cuid de ghrúpa de réir bhrí mhír 3, pointe (c) iad, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún má chláraigh siad níos lú ná 100 feithicil tromshaothair i dtréimhse thuairiscithe ar leith.
Airteagal 6b 5.
Monaróirí nach bhfuil feidhm ag an díolúine a leagtar síos i mír 1 ina leith, déanfaidh siad an Coimisiún a chur ar an eolas, i ngach tréimhse thuairiscithe, faoina ngnóthais bhainteacha a bhfuil feidhm ag an díolúine ina leith.
Airteagal 6b 6.
Cuirfidh monaróirí an Coimisiún ar an eolas chun críocha mhíreanna 4 agus 5 trí úsáid a bhaint as na huirlisí leictreonacha arna soláthar ag an gCoimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.