|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina léireofar an méid seo a leanas:
(a)
ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 4;
(b)
ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a fhachtóir astaíochtaí nialasacha agus a fhachtóir astaíochtaí ísle, sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1);
(c)
ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a sprioc maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 don tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 6;
(d)
ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2041, i gcás gach monaróra, a chonair laghdaithe astaíochtaí CO2, a chreidmheasanna astaíochta agus, ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2041, a fhiacha astaíochta sa tréimhse thuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 7;
(e)
ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a astaíochtaí iomarcacha CO2 sa tréimhse thuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 8(2);
(f)
ón 1 Iúil 2020 ar aghaidh, an meán d’astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Maidir leis an liosta atá le foilsiú faoin 30 Aibreán den bhliain tar éis bliana inar tháinig deireadh le tréimhse thagartha, áireofar ann na hastaíochtaí tagartha CO2 arna gcinneadh i leith na tréimhse tagartha sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|