+Airteagal 11 Sonraí agus feidhmíocht monaróra a fhoilsiú
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.

Airteagal 11 Sonraí agus feidhmíocht monaróra a fhoilsiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.

Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina léireofar an méid seo a leanas:

(a) 

ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b) 

ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a fhachtóir astaíochtaí nialasacha agus a fhachtóir astaíochtaí ísle, sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(c) 

ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a sprioc maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 don tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 6;

▼M1

(d) 

ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2041, i gcás gach monaróra, a chonair laghdaithe astaíochtaí CO2, a chreidmheasanna astaíochta agus, ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2041, a fhiacha astaíochta sa tréimhse thuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 7;

(e) 

ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a astaíochtaí iomarcacha CO2 sa tréimhse thuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 8(2);

▼B

(f) 

ón 1 Iúil 2020 ar aghaidh, an meán d’astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Maidir leis an liosta atá le foilsiú faoin 30 Aibreán den bhliain tar éis bliana inar tháinig deireadh le tréimhse thagartha, áireofar ann na hastaíochtaí tagartha CO2 arna gcinneadh i leith na tréimhse tagartha sin.

Airteagal 11 2.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an liosta a leagtar amach i mír 1 a leasú sna cásanna seo a leanas:

(a) 

leasaítear na nósanna imeachta cineálcheadaithe dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, seachas leasuithe a bhaineann leis na luachanna pálasta agus líon paisinéirí arna n-úsáid chun astaíochtaí CO2 a chinneadh, sa chaoi go dtiocfaidh méadú nó laghdú níos mó ná 5 g CO2/km ar leibhéal astaíochtaí CO2 ó na feithiclí tromshaothair ionadaíocha arna sonrú de bhun mhír 3; i gcásanna den sórt sin: déanfar astaíochtaí tagartha coigeartaithe a ríomh i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn II agus foilseofar luachanna nua mar chomhlánú ar luachanna roimhe sin, agus léireofar an tréimhse thuairiscithe nuair a chuireann siad i bhfeidhm den chéad uair iad;

(b) 

leasaíodh na hIarscríbhinní i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointí (a) go (f); i gcásanna den sórt sin déanfar astaíochtaí tagartha CO2 a foilsíodh roimhe seo a athríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, agus na paraiméadair arna leasú i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointí (a) go (f) á gcur i gcuntas agus foilseofar an tacar astaíochtaí tagartha athríofa agus cuirfear é in ionad na n-astaíochtaí tagartha a bhí ann roimhe sin amhail ón tréimhse thuairiscithe ina mbeidh feidhm den chéad uair ag na paraiméadair arna leasú i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointí (a) go (f), den chéad uair.

Airteagal 11 3.
I gcás ina ndéantar leasú ar na nósanna imeachta cineálcheadaithe dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 faoi mar a thagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo modheolaíocht a shonrú nó a bhunú chun feithicil ionadaíoch amháin nó níos mó d’fhoghrúpa feithiclí a shainiú, lena n-áirítear a n-ualuithe staidrimh agus luachanna an phálasta agus an lín paisinéirí a úsáidfear chun astaíochtaí CO2 a chinneadh. Beidh an mhodheolaíocht sin mar bhonn leis an gcoigeartú dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(i), den Airteagal seo, agus na sonraí faireacháin arna dtuairisciú de bhun an Rialacháin seo agus na saintréithe teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/2400 á gcur i gcuntas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.