+Airteagal 13 Fíorú ar astaíochtaí CO2feithiclí tromshaothair inseirbhíse
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.

Airteagal 13 Fíorú ar astaíochtaí CO2feithiclí tromshaothair inseirbhíse

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2017/2400 ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair inseirbhíse mar a chinntear i gcomhréir leis an Rialachán sin.
Airteagal 13 2.
I ndiaidh theacht i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4, fíoróidh na húdaráis cineálcheadaithe, i gcás na monaróirí sin dar dheonaigh siad ceadúnas chun an uirlis ionsamhlúcháin a oibriú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena mbearta cur chun feidhme, ar bhonn sampláil iomchuí agus ionadaíoch feithiclí, go bhfuil luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh na bhfeithiclí tromshaothair inseirbhíse arna gcinneadh i gcomhréir leis an Rialachán sin agus lena mbearta cur chun feidhme, agus breithniú á dhéanamh, inter alia, ar úsáid a bhaint as sonraí atá ar fáil ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

Fíoróidh na húdaráis cineálcheadaithe freisin an ann d’aon straitéisí infheithicle nó d’aon straitéisí a bhaineann leis na feithiclí arna sampláil a fheabhsaíonn feidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha nó sna ríomhanna chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a dheimhniú trí, inter alia, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

Airteagal 13 3.
I gcás ina n-aimsítear easpa comhréireachta maidir le luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla nach féidir a shannadh ar mhífheidhmiú na huirlise ionsamhlúcháin, nó aon straitéisí atá ann lena bhfeabhsaítear feidhmíocht feithicle ar bhonn saorga mar thoradh ar na fíoruithe a dhéantar de bhun mhír 2, áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe atá freagrach, sa bhreis ar na bearta riachtanacha a leagtar amach i gCaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858 a dhéanamh, go gceartófar na comhaid faisnéise custaiméara, na deimhnithe comhréireachta agus na deimhnithe um cheadú aonair, de réir mar a bheidh. I gcás nach féidir na sonraí sna comhaid faisnéise custaiméara, sna deimhnithe comhréireachta ná sna deimhnithe um fhormheas aonair a cheartú faoi Rialachán (AE) 2018/858, eiseoidh an t-údarás cineálcheadaithe atá freagrach ráiteas ceartúcháin ina mbeidh na sonraí ceartaithe. Tarchuirfidh sé an ráiteas sin chuig an gCoimisiún agus chuig na páirtithe lena mbaineann.
Airteagal 13 4.
Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nósanna imeachta chun na fíoruithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na treoirphrionsabail agus na critéir a leagan amach chun na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.