|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo d’fhonn na gnéithe seo a leanas in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun an dul chun cinn teicniúil, éabhlóid lóistíochta iompair lastais, na coigeartuithe is gá bunaithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin agus leasuithe ar na gníomhartha dlí cineálcheadaithe bunúsacha a chur san áireamh, go háirithe Rialacháin (AE) 2018/858 agus (CE) Uimh. 595/2009:
(a)
na critéir lena sainítear na foghrúpaí feithicle a leagtar amach i bpointe 1.1, lena n-áirítear trí fhoghrúpaí feithiclí ar leithligh a chur isteach i gcás leoraithe EHC;
(b)
na critéir lena sainítear feithiclí oibre a leagtar amach i bpointe 1.2;
(c)
na critéir maidir le raonta oibríochtúla teicneolaíochtaí gléasraí cumhachta éagsúla a leagtar amach i bpointe 1.3;
(d)
liosta na bpróifílí misin a leagtar amach i bpointe 1.4;
(e)
meáchan na bpróifílí misin a leagtar amach i bpointí 2.1.1, 2.1.2 agus 2.1.3;
(f)
na pálastaí, líon paisinéirí, maiseanna paisinéirí, na pálastaí uasta atá incheadaithe go teicniúil, an t-uaslíon paisinéirí atá incheadaithe go teicniúil agus toirt lastais na bhfoghrúpaí feithiclí a leagtar amach i bpointe 2.5;
(g)
luachanna an mhíleáiste bhliantúil a leagtar amach i bpointí 2.6.1, 2.6.2 agus 2.6.3. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|