+Airteagal 18 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009

Airteagal 18 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 2, cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

“Beidh feidhm aige freisin, chun críocha Airteagal 5a, Airteagal 5b agus Airteagal 5c, maidir le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4.”;

(2) 

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Ceanglais shonracha ar mhonaróirí maidir le feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4

1.  

Áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonfar na ceanglais a leanas le feithiclí nua chatagóir O3 agus chatagóir O4 a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís:

(a) 

déanfar tionchar na bhfeithiclí sin ar na hastaíochtaí CO2, ídiú fuinnimh, ídiú leictreachais agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5c;

(b) 

feisteofar iad le feistí infheithicle chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar an bpálasta i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c.

2.  
Áiritheoidh na monaróirí go ndéanfar feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís a fheistiú le feistí infheithicle chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, pálasta agus míleáiste i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c.

Áiritheoidh siad freisin go ndéanfar raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú leictreachais na bhfeithiclí sin a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(c).

Airteagal 5b

Ceanglais shonracha ar na Ballstáit maidir le feidhmíocht chomhshaoil fheithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4

1.  
I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5c, diúltóidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú CE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú i dtaca le cineálacha feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna bearta cur chun feidhme sin leo.
2.  
I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5c, toirmeascfaidh na húdaráis náisiúnta díol, clárú nó teacht i seirbhís feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna bearta cur chun feidhme sin leo.

Airteagal 5c

Bearta i gcomhair gnéithe áirithe chun feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 a chinneadh

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta a leanas a ghlacadh:

(a) 

modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4 maidir lena dtionchar ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú leictreachais agus raonta tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí;

(b) 

ceanglais theicniúla maidir le feistí infheithicle a fheistiú chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh agus míleáiste mótarfheithiclí chatagóirí M2, M3, N2 agus N3, agus chun pálasta nó meáchan iomlán feithiclí lena gcomhlíontar na saintréithe a leagtar amach i bpointe (a), (b), (c) nó (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) agus a gcónaisc le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4, lena n-áirítear tarchur sonraí idir feithiclí laistigh de chónasc, a chinneadh agus a thaifeadadh, de réir mar is gá;

(c) 

modheolaíocht chun raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú fuinnimh feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a chinneadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13a.

(3) 

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

Nós imeachta coiste

1.  
Déanfaidh an Coiste Teicniúil maidir le Mótarfheithiclí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.  
I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.