IARSCRÍBHINN II
Nósanna imeachta um choigeartú dá dtagraítear in Airteagal 11
1. Coigeartú ar astaíochtaí tagartha CO2 tar éis leasú a dhéanamh ar na nósanna imeachta cineálcheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2)
Tar éis leasú a dhéanamh ar na nósanna imeachta cineálcheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2), déanfar na hastaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear i bpointe 3.1.2 d’Iarscríbhinn I a athríomh.
Chun na críche sin, na hastaíochtaí CO2 in g/km ó fheithiclí nua tromshaothair v le haghaidh na tréimhse tagartha agus óna bpríomhfheithiclí arna gcinneadh do phróifíl mhisin mp, dá dtagraítear i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I, déanfar iad a choigeartú mar a leanas:
CO2v,mp = CO2(RP)v,mp · (Σ r sr,sg · CO2r,mp)/ (Σ r sr,sg · CO2(RP)r,mp)
CO2pv,mp = CO2p(RP)v,mp · (Σ r sr,sg · CO2pr,mp)/ (Σ r sr,sg · CO2p(RP)r,mp)
I gcás inarb é:
|
Σ r
|
suim na bhfeithiclí tromshaothair ionadaíocha r uile don fhoghrúpa feithiclí sg;
|
|
sg
|
an foghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil tromshaothair v;
|
|
sr,sg
|
ualú staidrimh na feithicle tromshaothair ionadaíche r i bhfoghrúpa feithiclí sg;
|
|
CO2(RP)v,mp
|
astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle tromshaothair v in g/km, mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp agus bunaithe ar na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha;
|
|
CO2(RP)r,mp
|
astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle tromshaothair ionadaíche r in g/km, mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus i gcomhréir lena bhearta cur chun feidhme de réir mar a cuireadh i bhfeidhm sa tréimhse tuairiscithe é;
|
|
CO2r,mp
|
astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle tromshaothair ionadaíche r in g/km, mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus i gcomhréir lena bhearta cur chun feidhme de bhun na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (a) den Rialachán seo;
|
|
CO2p(RP)v,mp
|
astaíochtaí sonracha CO2 phríomhfheithicil na feithicle tromshaothair v in g/km, mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp agus bunaithe ar na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha;
|
|
CO2p(RP)r,mp
|
astaíochtaí sonracha CO2 phríomhfheithicil na feithicle tromshaothair ionadaíche r in g/km, mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus i gcomhréir lena bhearta cur chun feidhme de réir mar a cuireadh i bhfeidhm sa tréimhse thagartha é;
|
|
CO2pr,mp
|
astaíochtaí sonracha CO2 phríomhfheithicil na feithicle tromshaothair ionadaíche r, mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus i gcomhréir lena bhearta cur chun feidhme de bhun na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (a) den Rialachán seo.
|
Déanfar na hastaíochtaí sonracha CO2 a normalú de bhun Iarscríbhinn III agus na luachanna sin á n-úsáid le haghaidh na bparaiméadar dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (f), is infheidhme sa tréimhse thuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (a).
Déanfar na feithiclí tromshaothair ionadaíocha a shainmhíniú i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11(3).
2. Cur i bhfeidhm na n-astaíochtaí tagartha CO2 coigeartaithe de bhun Airteagal 11(2)
Más rud é, i dtréimhse thuairiscithe na bliana Y, gur cinneadh astaíochtaí sonracha CO2 roinnt feithiclí nua tromshaothair atá ag monaróir le leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2), déanfar astaíochtaí tagartha CO2
rCOsg
an fhoghrúpa feithiclí sg a úsáidtear i bpointí 4 agus 5.1 d’Iarscríbhinn I a ríomh mar a leanas:
rCO2sg = Σ,i Vsg,i/Vsg x rCO2sg,,i
i gcás inarb é:
|
Σ,i
|
an tsuim seo a leanas:
—
le haghaidh i = 1 0: an nós imeachta nár leasaíodh chun na hastaíochtaí CO2 a chinneadh, a bhfuil na hastaíochtaí tagartha CO2 tosaigh gan choigeartuithe infheidhme ina leith, agus
—
le haghaidh i ≥ 1: gach leasú ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
|
|
Vsg
|
an líon feithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir i dtréimhse thuairiscithe na bliana Y agus an foghrúpa feithiclí sg;
|
|
Vsg,i
|
an líon feithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir i dtréimhse thuairiscithe na bliana Y agus san fhoghrúpa feithiclí sg, ar cinneadh astaíochtaí sonracha CO2 an fhoghrúpa sin leis an leasú i;
|
|
rCO2sg,i
|
agus:
—
le haghaidh i = 0: na hastaíochtaí tagartha CO2 neamhchoigeartaithe
—
le haghaidh i ≥ 1: na hastaíochtaí tagartha CO2 a cinneadh le haghaidh an fhoghrúpa feithiclí sg leis an leasú i.
|