1. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I, nó a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(3), suas le luach uasta a chinnfidh siad, ar choinníoll nach ionann maoluithe den sórt sin agus baol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus ar choinníoll nach féidir an soláthar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine sa limistéar lena mbaineann a choinneáil ar bun ar aon bhealach réasúnach eile. Beidh maoluithe den sórt sin teoranta don mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
dobharcheantar nua chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt;
|
|
(b)
|
foinse nua thruailliúcháin a bhraitear ag an dobharcheantar chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt nó paraiméadair a cuardaíodh le déanaí nó a braitheadh le déanaí; nó
|
|
(c)
|
staid eisceachtúil gan choinne i ndobharcheantar atá ann cheana chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt as a bhféadfadh sáruithe sealadacha teoranta ar na luachanna paraiméadracha teacht.
|
Beidh na maoluithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír teoranta don tréimhse is giorra is féidir agus ní sháróidh siad 3 bliana. I dtreo dheireadh thréimhse an mhaolaithe, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú chun a chinneadh an ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach.
I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstát an dara maolú a dheonú i leith phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát an dara maolú sin a dheonú, cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe sin, in éineacht leis na forais lena chinneadh maidir leis an dara maolú, chuig an gCoimisiún. Ní sháróidh an dara maolú sin 3 bliana.