+Airteagal 15 Maoluithe
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
---+Airteagal 15 6
|
Airteagal 15 Maoluithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I, nó a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(3), suas le luach uasta a chinnfidh siad, ar choinníoll nach ionann maoluithe den sórt sin agus baol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus ar choinníoll nach féidir an soláthar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine sa limistéar lena mbaineann a choinneáil ar bun ar aon bhealach réasúnach eile. Beidh maoluithe den sórt sin teoranta don mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
dobharcheantar nua chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt;
|
|
(b)
|
foinse nua thruailliúcháin a bhraitear ag an dobharcheantar chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt nó paraiméadair a cuardaíodh le déanaí nó a braitheadh le déanaí; nó
|
|
(c)
|
staid eisceachtúil gan choinne i ndobharcheantar atá ann cheana chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt as a bhféadfadh sáruithe sealadacha teoranta ar na luachanna paraiméadracha teacht.
|
Beidh na maoluithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír teoranta don tréimhse is giorra is féidir agus ní sháróidh siad 3 bliana. I dtreo dheireadh thréimhse an mhaolaithe, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú chun a chinneadh an ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach.
I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstát an dara maolú a dheonú i leith phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát an dara maolú sin a dheonú, cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe sin, in éineacht leis na forais lena chinneadh maidir leis an dara maolú, chuig an gCoimisiún. Ní sháróidh an dara maolú sin 3 bliana.
|
|
Airteagal 15 2
|
2. In aon mhaolú a dheonaítear i gcomhréir le mír 1, sonrófar an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
na forais leis an maolú;
|
|
(b)
|
an paraiméadar lena mbaineann, torthaí ábhartha ón bhfaireachán roimh ré, agus an luach uasta paraiméadrach is incheadaithe faoin maolú;
|
|
(c)
|
an limistéar geografach, cainníocht an uisce a sholáthraítear gach lá, an daonra lena mbaineann agus cibé acu a dhéanfaí difear d’aon oibreoir ábhartha gnó bia;
|
|
(d)
|
scéim faireacháin iomchuí, in éineacht le faireachán níos minice i gcás inar gá sin;
|
|
(e)
|
achoimre ar an bplean le haghaidh na gníomhaíochta feabhais is gá, lena n-áirítear amchlár don obair agus meastachán ar an gcostas agus forálacha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh; agus
|
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Má mheasann na húdaráis inniúla nach bhfuil i neamhchomhlíonadh an luacha pharaiméadraigh ach neamhchomhlíonadh fánach, agus má tá an ghníomhaíocht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14(2) leordhóthanach chun an fhadhb a réiteach laistigh de 30 lá, ní gá an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo a shonrú sa mhaolú.
Sa chás sin, ní shocróidh na húdaráis inniúla ná na comhlachtaí ábhartha eile lena mbaineann sa mhaolú ach an luach uasta incheadaithe don pharaiméadar lena mbaineann agus an t-am a cheadaítear chun an fhadhb a réiteach.
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Más ann do mhainneachtain aon cheann de na luachanna paraiméadracha do sholáthar uisce ar leith a chomhlíonadh ar feadh tréimhse is faide ná 30 lá ina iomláine i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin, ní fhéadfar dul ar iontaoibh mhír 3 a thuilleadh.
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Déanfaidh aon Bhallstát a dheonaigh maolú dá bhforáiltear san Airteagal seo a áirithiú go gcuirfear eolas maidir leis an maolú agus maidir leis na coinníollacha lena rialaítear é chuig an daonra dá mbaineann an maolú sin go pras agus go hiomchuí. Sa bhreis air sin, áiritheoidh an Ballstát, i gcás inar gá, go gcuirfear comhairle ar ghrúpaí ar leith den daonra a bhféadfadh an maolú a bheith ina riosca ar leith dóibh.
Na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu maidir leis na cúinsí a bhfuil tuairisc orthu i mír 3, ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla a mhalairt.
|
|
Airteagal 15 6
|
6. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus a chuirtear i mbuidéil ná i gcoimeádáin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|