5. Déanfaidh aon Bhallstát a dheonaigh maolú dá bhforáiltear san Airteagal seo a áirithiú go gcuirfear eolas maidir leis an maolú agus maidir leis na coinníollacha lena rialaítear é chuig an daonra dá mbaineann an maolú sin go pras agus go hiomchuí. Sa bhreis air sin, áiritheoidh an Ballstát, i gcás inar gá, go gcuirfear comhairle ar ghrúpaí ar leith den daonra a bhféadfadh an maolú a bheith ina riosca ar leith dóibh.
Na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu maidir leis na cúinsí a bhfuil tuairisc orthu i mír 3, ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla a mhalairt.