+Airteagal 16 Rochtain ar an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
|
Airteagal 16 Rochtain ar an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1
|
1. Gan dochar d’Airteagal 9 de Threoir 2000/60/CE ná do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus na peirspictíochtaí áitiúla, réigiúnacha agus cultúrtha agus na cúinsí maidir le dáileadh uisce á gcur san áireamh ag an am céanna, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an rochtain atá ag cách ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a fheabhsú nó a choimeád, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, mar atá sainmhínithe ag na Ballstáit.
Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit:
|
(a)
|
daoine a shainaithint nach bhfuil rochtain acu, nó ag a bhfuil rochtain theoranta, ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus cúiseanna le heaspa rochtana den sórt sin;
|
|
(b)
|
measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun an rochtain atá ag daoine den sórt sin a fheabhsú;
|
|
(c)
|
daoine den sórt sin a chur ar an eolas maidir leis na féidearthachtaí chun nascadh leis an ngréasán dáileacháin nó maidir le modhanna eile chun rochtain a fháil ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; agus
|
|
(d)
|
bearta a dhéanamh a mheasann siad is gá agus is iomchuí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.
|
|
|
Airteagal 16 2
|
2. Chun úsáid uisce buacaire atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chur chun cinn, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar trealamh amuigh faoin aer agus laistigh a chur ar bun in áiteanna poiblí, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ar bhealach atá comhréireach leis an ngá atá le bearta den sórt sin agus dálaí áitiúla sonracha á gcur san áireamh, amhail an aeráid agus an tíreolaíocht.
Féadfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin chun úsáid uisce buacaire atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chur chun cinn:
|
(a)
|
feasacht a ardú maidir leis an trealamh amuigh faoin aer nó laistigh is cóngaraí;
|
|
(b)
|
feachtais a sheoladh chun na saoránaigh a chur ar an eolas faoi cháilíocht uisce den sórt sin;
|
|
(c)
|
soláthar uisce den sórt sin a chur chun cinn i riaracháin phoiblí agus i bhfoirgnimh phoiblí;
|
|
(d)
|
soláthar uisce den sórt sin, saor in aisce nó ar tháille íseal seirbhíse, a spreagadh do chustaiméirí i mbialanna, i gceaintíní, agus i seirbhísí lónadóireachta.
|
|
|
Airteagal 16 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go n-éascófar an cúnamh is gá, arna shainiú ag na Ballstáit, d’údaráis inniúla chun na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|