2. Chun úsáid uisce buacaire atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chur chun cinn, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar trealamh amuigh faoin aer agus laistigh a chur ar bun in áiteanna poiblí, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ar bhealach atá comhréireach leis an ngá atá le bearta den sórt sin agus dálaí áitiúla sonracha á gcur san áireamh, amhail an aeráid agus an tíreolaíocht.
Féadfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin chun úsáid uisce buacaire atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chur chun cinn:
|
(a)
|
feasacht a ardú maidir leis an trealamh amuigh faoin aer nó laistigh is cóngaraí;
|
|
(b)
|
feachtais a sheoladh chun na saoránaigh a chur ar an eolas faoi cháilíocht uisce den sórt sin;
|
|
(c)
|
soláthar uisce den sórt sin a chur chun cinn i riaracháin phoiblí agus i bhfoirgnimh phoiblí;
|
|
(d)
|
soláthar uisce den sórt sin, saor in aisce nó ar tháille íseal seirbhíse, a spreagadh do chustaiméirí i mbialanna, i gceaintíní, agus i seirbhísí lónadóireachta.
|