+Airteagal 5 Oibleagáidí soláthróirí bonn i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
|
Airteagal 5 Oibleagáidí soláthróirí bonn i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí
Oibleagáidí soláthróirí bonn i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Ón 1 Bealtaine 2021, déanfaidh soláthróirí an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí sula gcuirfidh siad bonn arna tháirgeadh ar an margadh tar éis an dáta sin.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Maidir le boinn a tháirgtear idir 25 Meitheamh 2020 agus an 30 Aibreán 2021, déanfaidh an soláthróir, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII i ndáil leis na boinn sin a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí faoin 30 Samhain 2021.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Maidir le boinn a chuirfear ar an margadh roimh 25 Meitheamh 2020, féadfaidh an soláthróir an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII i ndáil leis na boinn sin a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Go dtí go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí, cuirfidh an soláthróir leagan leictreonach den doiciméadacht theicniúil ar fáil lena hiniúchadh laistigh de 10 lá oibre tar éis iarraidh a fháil ó údarás faireachais margaidh.
|
|
Airteagal 5 5.
|
I gcás ina bhfuil gá ag na húdaráis chineálcheadaithe nó ag na húdaráis faireachais margaidh le faisnéis seachas an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn VII chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, soláthróidh an soláthróir an fhaisnéis sin dóibh arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Measfar gur cineál nua boinn é bonn ar a ndéantar athruithe atá ábhartha don lipéad boinn nó don bhileog faisnéise faoin táirge. Cuirfidh an soláthróir in iúl sa bhunachar sonraí táirgí nuair nach mbeidh aonaid de chineál áirithe boinn á gcur ag an soláthróir ar an margadh níos mó.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Nuair a chuirfear an t-aonad deiridh de chineál boinn ar an margadh, coimeádfaidh an soláthróir an fhaisnéis maidir leis an gcineál sin boinn sa chuid den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh ar feadh tréimhse cúig bliana.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0740
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|