+Airteagal 6 Oibleagáidí dáileoirí bonn
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
|
Airteagal 6 Oibleagáidí dáileoirí bonn
Oibleagáidí dáileoirí bonn
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Áiritheoidh na dáileoirí an méid seo a leanas:
(a)
ag an bpointe díola, go mbeidh lipéad boinn ar bhoinn, i bhfoirm ghreamáin, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, arna soláthar ag an soláthróir i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 4(1), in áit a mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus é go hiomlán inléite, agus go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil, lena n-áirítear, ar iarratas, i bhfoirm chlóite; nó
(b)
sula ndíolfar bonn ar cuid é de bhaisc d'aon bhonn amháin nó níos mó bonn atá comhionann, go dtaispeánfar an lipéad boinnclóite, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, don úsáideoir deiridh, agus go cuirfear ar taispeáint go soiléir é gar don bhonn ag an bpointe díola, agus go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Áiritheoidh na dáileoirí go mbeidh an lipéad boinn ar taispeáint in aon fhógra amhairc le haghaidh cineál sonrach boinn. Má léiríonn an fógra amhairc an praghas don chineál bonn sin, beidh an lipéad boinn ar taispeáint gar don léiriú praghais. Maidir le fógraí amhairc ar líne do chineál sonrach boinn, féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Áiritheoidh dáileoirí go mbeidh an lipéad boinn den chineál sin boinn ar thaispeáint ar aon ábhar fógraíochta teicniúil a bhaineann le cineál boinn faoi leith, agus go n-áirítear san ábhar fógraíochta sin an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Áiritheoidh na dáileoirí go gcuirfear cóip den lipéad ar fáil don úsáideoir deiridh roimh an díolachán i gcás nach mbeidh lipéad boinn a sholáthraítear lena ndíol le feiceáil ag an úsáideoir deiridh tráth an díolacháin.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Áiritheoidh na dáileoirí nach mór d'aon chiandíolachán ar pháipéar an lipéad boinn a chur ar taispeáint, agus go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh ar an mbileog faisnéise faoin táirge ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain saor in aisce air, agus go bhféadfaidh an t‐úsáideoir deiridh cóip chlóite den bhileog faisnéise faoin táirge a iarraidh.
|
|
Airteagal 6 6.
|
Déanfaidh na dáileoirí a bhaineann úsáid as ciandíolachán atá bunaithe ar theileamhargaíocht na haicmí do gach ceann de na paraiméadair atá ar an lipéad boinn a chur in iúl do na húsáideoirí deiridh, agus cuirfidh siad in iúl do na húsáideoirí deiridh freisin go bhféadfaidh siad rochtain a bheith acu ar an lipéad boinn agus ar an mbileog faisnéise faoin táirge ar shuíomh gréasáin ar a bhfuil rochtain saor in aisce, agus trí chóip chlóite a iarraidh.
|
|
Airteagal 6 7.
|
I dtaca le boinn a dhíoltar nó a thairgtear lena ndíol ar an idirlíon, áiritheoidh dáileoirí go mbeidh an lipéad boinn ar taispeáint gar don léiriú praghais, agus gur féidir teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge. Beidh an lipéad boinn ar mhéid a chiallóidh go mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus go mbeidh sé inléite agus comhréireach leis an méid a shonraítear i bpointe 2.1 d'Iarscríbhinn II. Féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn le haghaidh cineál boinn faoi leith a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0740
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|