+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4
|
Airteagal 2 Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1
|
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo aon uair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir 91/271/CEE, le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 2 2
|
2. Féadfaidh Ballstát a chinneadh nach iomchuí uisce a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta i gceann amháin nó níos mó dá cheantair abhantracha nó i gcodanna de nó díobh, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(a)
|
dálaí geografacha agus aeráide an cheantair nó codanna de;
|
|
(b)
|
na brúnna atá ar acmhainní eile uisce agus an stádas atá acu, lena n-áirítear stádas cainníochtúil na ndobharlach screamhuisce dá dtagraítear i dTreoir 2000/60/CE;
|
|
(c)
|
na brúnna atá ar dhobharlaigh dhromchla, agus an stádas atá acu, ar dobharlaigh iad ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach cóireáilte;
|
|
(d)
|
costais chomhshaoil agus acmhainní an uisce athshlánaithe agus acmhainní uisce eile.
|
Tabharfar údar cuí le haon chinneadh a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear san fhomhír sin agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é. Déanfar é a athbhreithniú de réir mar is gá, lena gcuirfear san áireamh go háirithe réamh-mheastacháin maidir leis an athrú aeráide agus straitéisí náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus déanfar é a athbhreithniú gach sé bliana ar a laghad agus pleananna bainistithe abhantracha a bhunaítear de bhun Threoir 2000/60/CE á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 2 3
|
3. De mhaolú ar mhír 1, féadfar tionscadail taighde nó tionscadail phíolótacha maidir le saoráidí athshlánaithe a dhíolmhú ón Rialachán seo i gcás ina suíonn an t-údarás inniúil go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
|
(a)
|
ní dhéanfar an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach laistigh de dhobharlach a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a astarraingt nó i gcrios coimirce ábhartha arna hainmniú de bhun Threoir 2000/60/CE;
|
|
(b)
|
beidh an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach faoi réir faireachán iomchuí.
|
Déanfar aon díolúine de bhun na míre seo a theorannú d’uastréimhse cúig bliana.
Na barra go léir a thiocfaidh as tionscadal taighde nó tionscadal píolótach atá díolmhaithe de bhun na míre seo, ní chuirfear ar an margadh iad.
|
|
Airteagal 2 4
|
4. Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus ní fhágann sé go gcuirtear cosc ar oibreoirí gnólachtaí bia an cháilíocht uisce is gá chun an Rialachán sin a chomhlíonadh a bhaint amach trí roinnt roghanna cóireála uisce a úsáid, ag céim eile ina dhiaidh sin, astu féin nó i gcomhar le roghanna neamhchóireála, ag céim eile ina dhiaidh sin, nó go gcuirtear cosc orthu foinsí malartacha uisce a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0741
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|