3. De mhaolú ar mhír 1, féadfar tionscadail taighde nó tionscadail phíolótacha maidir le saoráidí athshlánaithe a dhíolmhú ón Rialachán seo i gcás ina suíonn an t-údarás inniúil go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
|
(a)
|
ní dhéanfar an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach laistigh de dhobharlach a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a astarraingt nó i gcrios coimirce ábhartha arna hainmniú de bhun Threoir 2000/60/CE;
|
|
(b)
|
beidh an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach faoi réir faireachán iomchuí.
|
Déanfar aon díolúine de bhun na míre seo a theorannú d’uastréimhse cúig bliana.
Na barra go léir a thiocfaidh as tionscadal taighde nó tionscadal píolótach atá díolmhaithe de bhun na míre seo, ní chuirfear ar an margadh iad.