3. I gcás inarb ionann neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chead agus riosca suntasach don chomhshaol, do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, déanfaidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe nó aon pháirtithe freagracha eile soláthar an uisce athshlánaithe a chur ar fionraí láithreach go dtí go gcinnfidh an t-údarás inniúil go ndearnadh an comhlíonadh a athbhunú, de réir nósanna imeachta a shainítear sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce, i gcomhréir le pointe (a) de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.