+Airteagal 2 Raon Feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
|
Airteagal 2 Raon Feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach i:
(i)
Airteagal 6(1) de Rialachán CEE ón gComhairle Uimh. 11 (
1
);
(ii)
Airteagal 3 de Threoir 92/106/CEE ón gComhairle (
2
);
(iii)
Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
);
▼M1
(iv)
Airteagal 9(2), Airteagal 16(1) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
); ní dochar an Rialachán seo do rialuithe a dhéanann oifigí custam dá bhforáiltear i bhforálacha ábhartha de ghníomhartha dlí an Aontais;
▼B
(v)
Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957, dá dtagraítear i Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
); Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF a cuireadh i gcrích ag Vilnias an 3 Meitheamh 1999, dá dtagraítear i Roinn II.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin; agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN), a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 26 Bealtaine 2000, dá dtagraítear i Roinn III.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin;
(b)
na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe nó i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
) nó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
). Liostófar na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme i gcuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
(c)
na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach sna forálacha den dlí náisiúnta a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Faoin 21 Lúnasa 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi fhorálacha an dlí náisiúnta agus na ceanglais chomhfhreagracha um fhaisnéis rialála ina gceanglaítear go soláthraítear faisnéis atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gceanglas um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1. De bhun an fhógra sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le haon fhorálacha sa dlí náisiúnta:
(a)
lena dtugtar isteach athruithe ar na ceanglais um fhaisnéis mar a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I; nó
(b)
lena leagtar síos ceanglais nua ábhartha um fhaisnéis rialála lena gceanglaítear soláthar faisnéise atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gceanglas um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.
Cuirfidh na Ballstáit na fógraí sin in iúl laistigh de 1 mhí ó ghlacadh na bhforálacha sin.
|
|
Airteagal 2 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14, lena leasaítear:
(a)
Cuid A d’Iarscríbhinn I d’fhonn tagairtí a ionchorprú d’aon cheanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo;
(b)
Cuid B d’Iarscríbhinn I d’fhonn tagairtí a chuimsiú nó a scriosadh do dhlí náisiúnta agus do cheanglais um fhaisnéis rialála i gcomhréir leis na fógraí a dhéantar de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1056
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|