+Airteagal 6 Cuspóir Sonrach 3 - an Chibearshlándáil agus Iontaoibh
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
|
Airteagal 6 Cuspóir Sonrach 3 - an Chibearshlándáil agus Iontaoibh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 3 - an Cibearshlándáil agus Iontaoibh, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:
(a)
tacú le forbairt agus soláthar ardtrealaimh, ard-uirlisí agus ardbhonneagar sonraí cibearshlándála, in éineacht leis na Ballstáit, chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar an leibhéal Eorpach a bhaint amach, i gcomhréir iomlán leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí agus na cearta bunúsacha, agus uathriail straitéiseach an Aontais á háirithiú ag an am céanna;
▼M2
(aa)
tacú le forbairt an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála arna bhunú le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
) (“an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála”), lena n-áirítear forbairt, cur in úsáid agus oibriú na gCibearmhol Náisiúnta agus na gCibearmhol Trasteorann lena rannchuidítear le feasacht staide san Aontas agus le feabhas a chur ar acmhainneachtaí an Aontais maidir le faisnéis faoi chibearbhagairtí;
▼B
(b)
tacú le méadú agus úsáid is fearr eolais Eorpaigh, acmhainneachta Eorpaí agus scileanna Eorpacha a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus dea-chleachtais a chomhroinnt agus a phríomhshruthú;
(c)
a áirithiú go gcuirfear réitigh éifeachtacha úrscothacha chibearshlándála chun úsáide go forleathan ar fud an gheilleagair Eorpaigh, agus aird ar leith á tabhairt ar údaráis phoiblí agus ar FBManna;
(d)
cumais a threisiú sna Ballstáit agus san earnáil phríobháideach chun cabhrú leo Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
) a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí bhearta lena dtacaítear le glacadh na gcleachtas cibearshlándála is fearr;
▼M3
(e)
feabhas a chur ar athléimneacht i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha i gcoinne bonneagar digiteach criticiúil agus cibirionsaithe, rannchuidiú le feasacht riosca agus eolas ar phróisis chibearshlándála a mhéadú, tacú le heagraíochtaí poiblí agus príobháideacha bunleibhéil chibearshlándála a bhaint amach, mar shampla trí chriptiú sonraí agus nuashonruithe bogearraí ó cheann go ceann a chur chun úsáide;
(f)
an comhar a fheabhsú idir na réimsí sibhialta agus cosanta maidir le tionscadail dé-úsáide, seirbhísí, inniúlachtaí agus feidhmchláir chibearshlándála, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cibearshlándála a fhorbairt atá saincheaptha do bhonneagar a bhaineann le cosaint, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
);
▼M2
(g)
an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála arna bhunú le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2025/38, lena n-áirítear Cúltaca Cibearshlándála an Aontais arna bhunú le hAirteagal 14 den Rialachán sin (“Cúltaca Cibearshlándála an Aontais”), a bhunú agus a oibriú chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag ullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus do theagmhais mhórscála chibearshlándála agus ag freagairt orthu, ar sásra é atá comhlántach le hacmhainní agus cumais náisiúnta agus cineálacha eile tacaíochta atá ar fáil ar leibhéal an Aontais, agus chun tacú le húsáideoirí eile agus iad ag freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus ar theagmhais mhórscála chibearshlándála.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Cuirfear na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 3 chun feidhme go príomha tríd an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/887*. Mar sin féin, is é an Coimisiún agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2025/38, ENISA, a dhéanfaidh an Cúltaca Cibearshlándála a chur chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|