+Airteagal 7 Cuspóir Sonrach 4 -Ardscileanna Digiteacha
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
|
Airteagal 7 Cuspóir Sonrach 4 -Ardscileanna Digiteacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 4 - Ardscileanna Digiteacha, tacófar le forbairt ardscileanna digiteacha i réimsí a chumhdaítear leis an gClár chun rannchuidiú le líon dhaoine tréitheacha na hEorpa a mhéadú, an bhearna dhigiteach a dhúnadh agus breis gairmiúlachta a chothú, go háirithe maidir leis an ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus an néalríomhaireacht, anailísíocht olltiomsaithe sonraí, an chibearshlándáil, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), teicneolaíochtaí candamacha, an róbataic agus IS, agus an chothromaíocht inscne á cur san áireamh ag an am céanna. Chun dul i ngleic le mímheaitseáil scileanna agus chun speisialtóireacht i dteicneolaíochtaí agus feidhmeanna digiteacha a spreagadh, is iad na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas a shaothrófar leis an ranníocaíocht airgeadais:
(a)
tacú le hoiliúint fhadtéarmach ar ardcháilíocht agus cúrsaí fadtéarmacha ar ardcháilíocht, lena n-áirítear foghlaim chumaisc, a dhearadh agus a sholáthar do mhic léinn agus don lucht saothair;
(b)
tacú le hoiliúint ghearrthéarmach ar ardcháilíocht agus cúrsaí gearrthéarmacha ar ardcháilíocht a dhearadh agus a sholáthar don lucht saothair, go háirithe in FBManna agus san earnáil phoiblí;
(c)
tacú le hoiliúint ar an láthair oibre agus socrúcháin oibre ar ardcháilíocht do mhic léinn, lena n-áirítear sealanna oiliúna, agus don lucht saothair, go háirithe in FBManna agus san earnáil phoiblí.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Is trí bhainistíocht dhíreach, go príomha, a chuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 4.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|