|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 4 - Ardscileanna Digiteacha, tacófar le forbairt ardscileanna digiteacha i réimsí a chumhdaítear leis an gClár chun rannchuidiú le líon dhaoine tréitheacha na hEorpa a mhéadú, an bhearna dhigiteach a dhúnadh agus breis gairmiúlachta a chothú, go háirithe maidir leis an ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus an néalríomhaireacht, anailísíocht olltiomsaithe sonraí, an chibearshlándáil, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), teicneolaíochtaí candamacha, an róbataic agus IS, agus an chothromaíocht inscne á cur san áireamh ag an am céanna. Chun dul i ngleic le mímheaitseáil scileanna agus chun speisialtóireacht i dteicneolaíochtaí agus feidhmeanna digiteacha a spreagadh, is iad na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas a shaothrófar leis an ranníocaíocht airgeadais:
(a)
tacú le hoiliúint fhadtéarmach ar ardcháilíocht agus cúrsaí fadtéarmacha ar ardcháilíocht, lena n-áirítear foghlaim chumaisc, a dhearadh agus a sholáthar do mhic léinn agus don lucht saothair;
(b)
tacú le hoiliúint ghearrthéarmach ar ardcháilíocht agus cúrsaí gearrthéarmacha ar ardcháilíocht a dhearadh agus a sholáthar don lucht saothair, go háirithe in FBManna agus san earnáil phoiblí;
(c)
tacú le hoiliúint ar an láthair oibre agus socrúcháin oibre ar ardcháilíocht do mhic léinn, lena n-áirítear sealanna oiliúna, agus don lucht saothair, go háirithe in FBManna agus san earnáil phoiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|