+Airteagal 9 Buiséad
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
|
Airteagal 9 Buiséad
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Is é EUR 8 168 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, is mar a leanas a dháileadh táscach:
(a)
EUR 2 019 914 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 1 – an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta;
▼M2
(b)
EUR 1 760 806 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 2 – an Intleacht Shaorga;
(c)
EUR 1 372 020 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh;
(d)
EUR 482 640 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 4 – Ardscileanna Digiteacha;
▼M1
(e)
EUR 1 002 217 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 5 – Imscaradh agus Úsáid is Fearr na nAcmhainneachtaí Digiteacha agus Idir-inoibritheachta;
(f)
EUR 1 575 000 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Chomh maith leis sin, féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear trí chórais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha a úsáid.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Féadfar na hacmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san fhoráil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027, lena n-áirítear chun críche na deontais a dhámhtar ar ghníomhaíocht a chomhlánú, suas go 100 % den chostas iomlán incháilithe i gcás inar féidir sin, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais agus gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.
|
|
Airteagal 9 6.
|
I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní arna n-aistriú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, féadfar na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach amháin nó níos mó faoi seach, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san fhoráil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027.
|
|
Airteagal 9 7.
|
I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus na costais fholuiteacha a mheas a bheith incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme iad agus gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.
|
|
Airteagal 9 8.
|
De mhaolú ar Airteagal 12(1) den Rialachán Airgeadais, na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí i gcomhthéacs chur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais agus na ngníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach de bhun Rialachán 2025/38, lena saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (g), den Rialachán seo, ar leithreasuithe iad nár úsáideadh, tabharfar anonn go huathoibríoch iad agus féadfar iad a ghealladh agus a íoc suas leis an 31 Nollaig den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi leithreasuithe arna dtabhairt anonn de bhun Airteagal 12(6) den Rialachán Airgeadais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|