|
+Airteagal 12 5a. |
Airteagal 12 5a.Ní bheidh feidhm ag mír 5, a mhéid a bhaineann le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha, maidir le haon ghníomhaíocht lena gcuirtear an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála chun feidhme i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas i ndáil leis an ngníomhaíocht lena mbaineann:
(a)
tá fíor-riosca ann, agus torthaí na mapála arna déanamh de bhun Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2025/38 á gcur i gcuntas, nach mbeidh na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí atá riachtanach agus leordhóthanach chun go rannchuideoidh an ghníomhaíocht sin go leormhaith le cuspóir an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála ar fáil ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát;
(b)
tá an riosca slándála a bhaineann le soláthar ó eintitis dhlítheanacha den sórt sin laistigh den Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála comhréireach leis na tairbhí agus ní bhaineann sé an bonn ó leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|