+Airteagal 12 Slándáil
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 5a.
---+Airteagal 12 5b.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.

Airteagal 12 Slándáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár, comhlíonfar na rialacha slándála is infheidhme, lena n-áirítear dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus go háirithe maidir le cosaint na faisnéise rúnaicmithe ar nochtadh neamhúdaraithe. I gcás gníomhaíochtaí a dhéantar lasmuigh den Aontas a úsáideann nó a ghineann faisnéis rúnaicmithe, sa bhreis ar na ceanglais thuasluaite a chomhlíonadh, beidh gníomhaíochtaí den sórt sin faoi réir comhaontú maidir le slándáil arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír ina ndéantar an ghníomhaíocht.
Airteagal 12 2.
I gcás inarb iomchuí, áireofar ar na tograí agus tairiscintí atá le tíolacadh ag iarratasóirí féinmheasúnú slándála lena sainaithnítear aon saincheist slándála agus lena sonraítear an dóigh a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh.
Airteagal 12 3.
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht ar a gcuirtear de chúram an Clár a chur chun feidhme athbhreithniú slándála maidir le tograí le haghaidh cistiú arna dtíolacadh ag iarratasóirí a bhfuil saincheisteanna slándála ag baint leo.
Airteagal 12 4.
I gcás inarb iomchuí, leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár, comhlíonfar Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún ( 6 ) agus na rialacha lena gcuirtear an Cinneadh sin chun feidhme.
Airteagal 12 5.
Féadfar foráil a dhéanamh sa chlár oibre freisin nach bhfuil eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe agus eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá á rialú ó thríú tíortha incháilithe chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí, nó i gcuid díobh, faoi Chuspóir Sonrach 3 agus i ngníomhaíochtaí atá dírithe ar theicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu faoi aon chuspóir sonrach ar chúiseanna slándála a bhfuil údar cuí leo. I gcásanna den sórt sin, teorannófar tograí agus glaonna ar thairiscintí d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá á rialú ag na Ballstáit nó náisiúnaigh de chuid na mBallstát. Féadfar srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le rochtain ar na hacmhainneachtaí a chuirtear chun úsáide faoi na nglaonna sin. Beidh na srianta sin comhréireach agus ní chuirfear i bhfeidhm iad ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leo.
Airteagal 12 5a.

Ní bheidh feidhm ag mír 5, a mhéid a bhaineann le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha, maidir le haon ghníomhaíocht lena gcuirtear an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála chun feidhme i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas i ndáil leis an ngníomhaíocht lena mbaineann:

(a) 

tá fíor-riosca ann, agus torthaí na mapála arna déanamh de bhun Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2025/38 á gcur i gcuntas, nach mbeidh na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí atá riachtanach agus leordhóthanach chun go rannchuideoidh an ghníomhaíocht sin go leormhaith le cuspóir an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála ar fáil ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát;

(b) 

tá an riosca slándála a bhaineann le soláthar ó eintitis dhlítheanacha den sórt sin laistigh den Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála comhréireach leis na tairbhí agus ní bhaineann sé an bonn ó leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát.

Airteagal 12 5b.

Ní bheidh feidhm ag mír 5, a mhéid a bhaineann le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha, maidir le haon ghníomhaíocht lena gcuirtear Cúltaca Cibearshlándála an Aontais) chun feidhme i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas i ndáil leis an ngníomhaíocht lena mbaineann:

(a) 

tá fíor-riosca ann, agus torthaí na mapála arna déanamh de bhun Airteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2025/38 á gcur i gcuntas, nach mbeidh an teicneolaíocht, an saineolas ná an acmhainneacht atá riachtanach agus leordhóthanach ag Cúltaca Cibearshlándála an Aontais chun a fheidhmeanna a dhéanamh go leormhaith ar fáil ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát;

(b) 

tá an riosca slándála a bhaineann le heintitis dhlítheanacha den sórt sin a áireamh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais comhréireach leis na tairbhí agus ní bhaineann sé an bonn ó leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát.

Airteagal 12 6.
►C1  Má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, féadfar a fhoráil sa chlár oibre freisin nach bhféadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe agus eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí ar fad, nó i gcuid díobh, faoi Chuspóirí Sonracha 1, 2 agus 6 ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais atá le comhlíonadh ag na heintitis dhlítheanacha sin chun cosaint leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus na mBallstát a ráthú agus chun cosaint faisnéise doiciméad rúnaicmithe a áirithiú. ◄ Leagfar na ceanglais sin amach sa chlár oibre.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin, a mhéid a bhaineann le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha, maidir le gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 3:

(a) 

chun an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála a chur chun feidhme i gcásanna ina bhfuil feidhm ag mír 5a; agus

(b) 

chun Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme i gcásanna ina bhfuil feidhm ag mír 5b.

Airteagal 12 7.
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht ar a gcuirtear de chúram an Clár a chur chun feidhme seiceálacha slándála. Maidir le cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na ceanglais slándála dá dtagraítear san Airteagal seo, féadfar iad a fhionraí, a fhoirceannadh nó a laghdú tráth ar bith, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.