+Airteagal 16 Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
|
Airteagal 16 Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Bunófar líonra tosaigh de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha le linn na chéad bhliana de chur chun feidhme an Chláir. Sa líonra tosaigh sin, beidh mol amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit, ach amháin i gcás nach féidir aon iarrathóir i mBallstát ar leith a ainmniú agus a roghnú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Chun an líonra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú, ainmneoidh gach Ballstát eintitis is iarrthóirí i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta agus lena struchtúir riaracháin agus institiúideacha trí phróiseas oscailte iomaíoch, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a)
na hinniúlachtaí iomchuí a bhaineann le gníomhaíochtaí na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus inniúlachtaí i réimse amháin nó i roinnt réimsí a shainaithnítear in Airteagal 3(2);
(b)
an acmhainneacht bainistíochta, an fhoireann agus an bonneagar iomchuí is gá chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a dhéanamh;
(c)
an cumas dlíthiúil agus oibríochtúil chun na rialacha riaracháin, conarthacha agus bainistíochta airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur i bhfeidhm; agus
(d)
an inmharthanacht airgeadais iomchuí a chomhfhreagraíonn do leibhéal na gcistí ón Aontas a n-iarrfar air iad a bhainistiú agus a léirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ráthaíochtaí a eisíonn údarás poiblí más féidir.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh maidir le roghnú na n-eintiteas a bheidh sa líonra tosaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2). Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim gach Ballstáit sula roghnófar Mol Nuálaíochta Digití Eorpach ar a chríoch. Is é an Coimisiún a roghnóidh na heintitis ó eintitis is iarrthóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus na gcritéar breise seo a leanas:
(a)
an buiséad atá ar fáil chun an líonra tosaigh a mhaoiniú; agus
(b)
an gá atá ann go n-áiritheofar leis an líonra tosaigh go gcumhdófar riachtanais na hearnála tionsclaíochta agus na réimsí a bhaineann le leas an phobail agus go n-áiritheofar cumhdach cuimsitheach cothrom geografach chun feabhas a chur ar an gcóineasú idir Ballstáit a thairbhíonn den Chiste Comhtháthaithe a bunaíodh le Rialachán CFRE-CC le haghaidh 2021-2027 agus na Ballstáit eile, mar shampla chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh ó thaobh na geografaíochta de.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Más gá, tar éis próiseas oscailte iomaíoch, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh maidir le roghnú na n-eintiteas arb iad a chomhdhéanann Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha bhreise. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2). Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim gach Ballstáit sula roghnófar Mol Nuálaíochta Digití Eorpach ar a chríoch. Roghnóidh an Coimisiún Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha bhreise ar bhealach lena n-áiritheofar cumhdach geografach leathan ar fud na hEorpa. Beidh líon na n-eintiteas sa líonra leordhóthanach chun freastal ar an éileamh ar sheirbhísí na mol sna Ballstáit ar leith. Chun aghaidh a thabhairt ar na srianta sonracha atá ar na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais, féadfar eintitis shonracha a ainmniú chun riachtanais réigiún den sórt sin a chumhdach.
|
|
Airteagal 16 5.
|
Beidh neamhspleáchas foriomlán suntasach ag na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha chun a n-eagar, a gcomhdhéanamh agus a modhanna oibre a leagan síos.
|
|
Airteagal 16 6.
|
Maidir le cur chun feidhme an Chláir, déanfaidh na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha na gníomhaíochtaí seo a leanas a rachaidh chun sochair d’earnáil tionsclaíochta an Aontais, go háirithe do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe, chomh maith leis an earnáil phoiblí:
(a)
feasacht a ardú agus rochtain a sholáthar nó a áirithiú ar shaineolas claochlaithe dhigitigh, fios gnó agus seirbhísí, lena n-áirítear saoráidí tástála agus turgnamhaíochta;
(b)
cuidiú le gnólachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, eagraíochtaí agus lucht riaracháin phoiblí a bheith níos iomaíche agus chun feabhas a chur ar a gcuid samhlacha gnó trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua atá cumhdaithe faoin gClár;
(c)
aistriú saineolais agus feasa gnó idir réigiúin a éascú, go háirithe trí FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe atá bunaithe i réigiún amháin a mheaitseáil le Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha atá bunaithe i réigiúin eile is oiriúnaí le seirbhísí ábhartha a sholáthar; malartú scileanna agus eolais, comhthionscnaimh agus dea-chleachtais a spreagadh;
(d)
rochtain ar sheirbhísí téamacha, go háirithe seirbhísí a bhaineann le IS, HPC agus an chibearshlándáil agus iontaoibh, a sholáthar nó a áirithiú don lucht riaracháin phoiblí, eagraíochtaí san earnáil phoiblí, FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe;
(e)
tacaíocht airgeadais a sholáthar do thríú páirtithe faoi Chuspóir Sonrach 4.
Chun críocha phointe (d) den cheád fhomhír, féadfar speisialtacht i seirbhísí téamacha ar leith a bheith ag Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus ní bheidh sé de cheangal orthu na seirbhísí téamacha ar fad a sholáthar ná na seirbhísí sin a sholáthar do na catagóirí eintiteas ar fad dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 16 7.
|
I gcás ina bhfaighidh Mol Nuálaíochta Digití Eorpach cistiú faoin gClár, beidh an cistiú sin i bhfoirm deontas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|