|
+Airteagal 19 Deontais |
Airteagal 19 DeontaisAirteagal 19 Deontais Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais agus féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach leo, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais. Dámhfar agus bainisteofar deontais den sórt sin mar a shonraítear le haghaidh gach cuspóra shonraigh. Féadfaidh ECCC tacaíocht i bhfoirm deontas a dhámhachtain go díreach gan glao ar thograí do na Ballstáit arna roghnú de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2025/38 agus an Cuibhreannas Óstach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2025/38, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d), den Rialachán Airgeadais. Féadfaidh ECCC tacaíocht i bhfoirm deontas le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála a dhámhachtain go díreach ar Bhallstáit gan glao ar thograí, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d), den Rialachán Airgeadais. Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2025/38, cuirfidh ECCC an Coimisiún agus ENISA ar an eolas faoi iarrataí ó na Ballstáit ar dheontais dhíreacha gan glao ar thograí. Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 18, de Rialachán (AE) 2025/38, agus i gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, féadfar na costais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a mheas mar chostais incháilithe fiú más rud é gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|