+CAIBIDIL III DEONTAIS
---+Airteagal 19 Deontais
---+Airteagal 20 Critéir dhámhachtana
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 21 Meastóireacht

CAIBIDIL III DEONTAIS

CAIBIDIL III DEONTAIS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 Deontais

Airteagal 19

Deontais

Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais agus féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach leo, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais. Dámhfar agus bainisteofar deontais den sórt sin mar a shonraítear le haghaidh gach cuspóra shonraigh.

Féadfaidh ECCC tacaíocht i bhfoirm deontas a dhámhachtain go díreach gan glao ar thograí do na Ballstáit arna roghnú de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2025/38 agus an Cuibhreannas Óstach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2025/38, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d), den Rialachán Airgeadais.

Féadfaidh ECCC tacaíocht i bhfoirm deontas le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála a dhámhachtain go díreach ar Bhallstáit gan glao ar thograí, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d), den Rialachán Airgeadais.

Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2025/38, cuirfidh ECCC an Coimisiún agus ENISA ar an eolas faoi iarrataí ó na Ballstáit ar dheontais dhíreacha gan glao ar thograí.

Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 18, de Rialachán (AE) 2025/38, agus i gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, féadfar na costais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a mheas mar chostais incháilithe fiú más rud é gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

Airteagal 20 Critéir dhámhachtana
Airteagal 21 Meastóireacht

Airteagal 21

Meastóireacht

I gcomhréir le hAirteagal 150 den Rialachán Airgeadais, is coiste meastóireachta, a fhéadfar a bheith comhdhéanta go hiomlán nó i bpáirt de shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, a dhéanfaidh meastóireacht ar na hiarratais ar dheontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.