+Airteagal 24 Cláir oibre
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.

Airteagal 24 Cláir oibre

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhíthin cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 24 2.
Glacfar cláir oibre, i bprionsabal, mar chláir ilbhliantúla gach 2 bhliain de ghnáth, agus cumhdófar leo cuspóirí ginearálta an Chláir chomh maith le cuspóir sonrach amháin nó níos mó. Má bhíonn údar leis i ngeall ar riachtanais cur chun feidhme shonracha, is féidir iad a ghlacadh freisin mar chláir bhliantúla.
Airteagal 24 3.
Beidh cláir oibre comhsheasmhach le cuspóirí sonracha an Chláir, mar a leagtar amach in Airteagail 4 go 8, agus na réimsí agus na cineálacha gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh ag an am céanna freisin. Áiritheofar leo nach bplódófar an maoiniú príobháideach leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ar an gcaoi sin.
Airteagal 24 4.
Chun athruithe teicneolaíocha agus forbairtí sa mhargadh a léiriú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun Iarscríbhinn I a leasú i dtaca leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach inti ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí sonracha an Chláir, mar a leagtar amach in Airteagail 4 go 8.
Airteagal 24 5.
Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.
Airteagal 24 6.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cláir oibre a ghlacadh le haghaidh Chuspóirí Sonracha 2, 4 agus 5 agus le haghaidh gníomhaíochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith faoi bhainistiú díreach le haghaidh Chuspóirí Sonracha 1 agus 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.