+Airteagal 25 Faireachán agus tuairisciú
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.

Airteagal 25 Faireachán agus tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).
Airteagal 25 2.
Bunóidh an Coimisiún modheolaíocht chun foráil a dhéanamh maidir le táscairí i gcomhair measúnú cruinn a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 3(1).
Airteagal 25 3.
Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun Iarscríbhinn II a leasú i dtaca leis na táscairí intomhaiste, i gcás ina meastar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.
Airteagal 25 4.
Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil chun go mbeidh na torthaí oiriúnach do mhionanailís ar an dul chun cinn atá déanta agus ar na deacrachtaí a bhí ann.

Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inar gá, ar Bhallstáit.

Airteagal 25 5.
Bainfear an úsáid is mó as staidreamh oifigiúil AE, amhail suirbhéanna staidrimh rialta ar TFC, mar tháscairí comhthéacs. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus tabharfaidh sé rannpháirt dóibh, in éineacht le Eurostat, i dtaca le dearadh tosaigh na dtáscairí staidrimh a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus ar dhul chun cinn a dhéanfar maidir leis an gclaochlú digiteach, agus i dtaca leis an bhforbairt a dhéanfar ar na táscairí staidrimh sin ina dhiaidh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.