+Airteagal 14 Critéir dhámhachtana a shonrú
---+Airteagal 14 (a)
---+Airteagal 14 (b)
---+Airteagal 14 (c)
---+Airteagal 14 (d)
---+Airteagal 14 (e)
---+Airteagal 14 (f)
---+Airteagal 14 (g)
---+Airteagal 14 (h)
|
Airteagal 14 Critéir dhámhachtana a shonrú
Leagfaidh an Coimisiún na critéir dhámhachtana amach sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18 agus sna glaonna ar thograí, agus na prionsabail seo a leanas á gcur san áireamh:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 (a)
|
tá na tionscadail sin a ndéanfaidh Clár LIFE maoiniú orthu le bheith chun leas an Aontais trí rannchuidiú suntasach a dhéanamh le cuspóirí ginearálta agus sonracha Chlár LIFE a bhaint amach, níl siad chun an bonn a bhaint de na cuspóirí sin, agus tá siad, aon uair is féidir, chun úsáid an tsoláthair phoiblí ghlais a chur chun cinn;
|
|
Airteagal 14 (b)
|
tá cur chuige costéifeachtach le háirithiú leo agus tá siad le bheith comhleanúnach ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de;
|
|
Airteagal 14 (c)
|
tá tosaíocht le tabhairt do na tionscadail is mó a d’fhéadfadh rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;
|
|
Airteagal 14 (d)
|
tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail lena soláthraítear comhthairbhí agus lena gcuirtear chun cinn sineirgí idir na fochláir dá dtagraítear in Airteagal 4;
|
|
Airteagal 14 (e)
|
tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail ar mó an deis go ndéanfaidh na hearnálacha poiblí nó príobháideacha iad a mhacasamhlú agus a ghlacadh nó lena ndéanfar na hinfheistíochtaí nó na hacmhainní airgeadais is mó a shlógadh (poitéinseal chun gníomhú mar chatalaíoch);
|
|
Airteagal 14 (f)
|
tá inmhacasamhlú thorthaí na dtionscadal gníomhaíochtaí caighdeánacha le háirithiú;
|
|
Airteagal 14 (g)
|
tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail sin a chuirfidh le torthaí tionscadal eile nó a chuirfidh le húsáid na dtorthaí sin ar scála níos mó, ar tionscadail iad arna gcistiú faoi Chlár LIFE, faoi na cláir a tháinig roimhe nó le cistí eile de chuid an Aontais;
|
|
Airteagal 14 (h)
|
i gcás inarb iomchuí, tá aird speisialta le tabhairt ar thionscadail i limistéir gheografacha a bhfuil riachtanais shonracha nó leochaileachtaí sonracha acu, amhail limistéir a bhfuil dúshláin shonracha chomhshaoil nó srianta nádúrtha iontu, limistéir thrasteorann, limistéir ardluacha nádúrtha agus réigiúin fhorimeallacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0783
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|