+Airteagal 19 Faireachán agus tuairisciú
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
---+Airteagal 19 6
|
Airteagal 19 Faireachán agus tuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le dul chun cinn Chlár LIFE, i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, bunaithe ar na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn Chlár LIFE maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 23, chun Iarscríbhinn II a leasú chun na táscairí a scrúdú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá sin, lena n-áirítear d'fhonn iad a ailíniú le táscairí a leagtar amach i leith cláir eile de chuid an Aontais, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí tháscairí sonracha a shainiú, ar bhonn Iarscríbhinn II, do gach fochlár agus do gach cineál tionscadail.
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Áiritheoidh an Coimisiún go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh éifeachtúil, éifeachtach agus thráthúil. Chuige sin, agus i gcomhréir le modheolaíochtaí ábhartha, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas chun gur féidir táscairí in-chomhiomlánaithe aschuir agus tionchair a thiomsú do na cuspóirí ábhartha sonracha uile beartais comhshaoil agus aeráide, lena n-áirítear i dtaca le Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir, CO2 san áireamh.
|
|
Airteagal 19 5
|
5. Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú rialta ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, lena n-áirítear méid an chaiteachais. Agus aird á tabhairt ar chineál Chlár LIFE, is é sin clár atá dírithe ar an éileamh, táthar ag súil go rannchuideoidh 61 % de mhéid foriomlán Chlár LIFE mar a shainítear in Airteagal 5 leis an sprioc buiséid ar fad de 30 % ar a laghad den chaiteachas a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide. Déanfar an rannchuidiú sin a rianú trí chóras marcóirí aeráide an Aontais. Rannchuideoidh an Rialachán seo le gníomhaíocht bhithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an uaillmhian fhoriomlán a bhaint amach 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024, agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus in 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a bhreithniú.
Rianófar caiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht trí bhíthin modheolaíocht éifeachtach thrédhearcach chuimsitheach atá an Coimisiún le leagan amach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, dá dtagraítear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár maidir le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mheastar a rannchuideoidh le cuspóirí comhshaoil agus aeráide faoi seach a bhaint amach le linn na tréimhse 2021–2027 den chreat airgeadais ilbhliantúil ar an leibhéal iomchuí imdhealaithe, úsáidfear na modhanna rianaithe sin chun iad a chainníochtú. Cuirfear an caiteachas i láthair go bliantúil i Ráiteas an Chláir. Tabharfar tuairisc go tráthrialta ar an dóigh a rannchuidíonn Clár LIFE le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach i gcomhthéacs meastóireachtaí agus na tuarascála bliantúla.
|
|
Airteagal 19 6
|
6. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shineirgí idir Clár LIFE agus cláir chomhlántacha eile de chuid an Aontais, agus sineirgí idir a fhochláir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0783
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|