4. Áiritheoidh an Coimisiún go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh éifeachtúil, éifeachtach agus thráthúil. Chuige sin, agus i gcomhréir le modheolaíochtaí ábhartha, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas chun gur féidir táscairí in-chomhiomlánaithe aschuir agus tionchair a thiomsú do na cuspóirí ábhartha sonracha uile beartais comhshaoil agus aeráide, lena n-áirítear i dtaca le Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir, CO2 san áireamh.