3. Maidir leis na cláir ilbhliantúla tháscacha, is éard atá iontu bunús ginearálta don chomhar faoin Rialachán seo agus leagfar amach iontu spriocanna an Chomhphobail, agus aird á tabhairt ar riachtanais na dtíortha lena mbaineann, tosaíochtaí an Chomhphobail, an staid idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí na dtríú tíortha lena mbaineann. Léireofar freisin sna cláir ilbhliantúla tháscacha breisluach an chomhair agus an chaoi chun dúbláil a sheachaint le cláir agus tionscnaimh eile, go háirithe iad siúd de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu agus iad siúd de chuid deontóirí móra.