+Airteagal 10 6.

Airteagal 10 6.

I gcás ina ndéantar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gclár tiomnaithe, féadfaidh na Ballstáit tosaíochtaí tiomnaithe a bhunú chun tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP nó chun rochtain ar thithíocht inacmhainne a chur chun cinn, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (p), den Rialachán seo.

I gcás ina ndéantar 10 % ar a laghad d’acmhainní airgeadais an chláir a ath-leithdháileadh ar thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear sa chéad fhomhír, íocfaidh an Coimisiún, in 2026, 1,5  % den tacaíocht iomlán ó CUAC don chlár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire. Ina theannta sin, déanfar ath-leithdháiltí ar thosaíochtaí tiomnaithe arna mbunú chun tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP arna bhformheas i leasuithe ar chláir roimh an athbhreithniú meántéarma a áireamh faoi chomhair na tairsí 10 % freisin. Ní dhéanfar acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur san áireamh chun an méid a chomhfhreagraíonn don 10 % d’acmhainní airgeadais acmhainní an chláir a ríomh.

An réamh-mhaoiniú atá dlite don Bhallstát a eascraíonn as leasuithe ar chláir de bhun an ath-leithdháilte ar thosaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar é a áireamh mar íocaíochtaí a rinneadh in 2025 chun na méideanna atá le saoradh de bhun Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060 a ríomh, ar choinníoll gur tíolacadh an iarraidh ar leasú ar chlár in 2025.

De mhaolú ar Airteagal 63(2) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, is é an 31 Nollaig 2030 dáta deiridh incháilitheacht an chaiteachais agus an tsaortha. Ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach amháin i gcás inar formheasadh leasuithe ar chlár lena ndéantar 10 % ar a laghad d’acmhainní airgeadais an chláir a ath-leithdháileadh ar thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó mar a leagtar amach sa dara fomhír den mhír seo.

I gcás na gclár sin, i gcás ina mbunaítear le Rialachán (AE) 2021/1060 an dáta deiridh chun críocha chur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta agus na gceanglas bainistíochta airgeadais, tuairiscithe agus meastóireachta, léifear é sin mar thagairt don dáta céanna sa bhliain dár gcionn. Ina theannta sin, de mhaolú ar Airteagal 2, pointe (29), de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás na gclár sin, measfar go dtagraíonn an bhliain chuntasaíochta deiridh don tréimhse ón 1 Iúil 2030 go dtí an 30 Meitheamh 2031.

Sa bhreis ar an measúnú le haghaidh gach cláir ar thoradh an athbhreithnithe meántéarma atá le tíolacadh de bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh na Ballstáit measúnú comhlántach chomh maith le hiarrataí gaolmhara ar leasuithe ar chláir a chur faoi bhráid an Choimisiúin an athuair, agus na gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2025/1914 faoin 31 Nollaig 2025 á gcur san áireamh. Beidh feidhm ag na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.09.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1056
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.