+Airteagal 10 Clársceidealú acmhainní CUAC
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
|
Airteagal 10 Clársceidealú acmhainní CUAC
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Déanfar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gcomhair na gcatagóirí réigiún ina bhfuil na críocha lena mbaineann, ar bhonn na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11 agus arna bhformheas ag an gCoimisiún mar chuid de chlár nó de leasú ar chlár. Beidh na hacmhainní arna gclársceidealú i bhfoirm cláir shonraigh amháin nó níos mó nó i bhfoirm tosaíochta amháin nó níos mó laistigh de chláir. Ní dhéanfaidh an Coimisiún clár nó aon leasú air a fhormheas, ach i gcás ina bhfuil údar cuí le sainaithint na gcríoch is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean ábhartha críochach um aistriú cóir, agus go bhfuil an plean ábhartha críochach um aistriú cóir ag teacht le plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear ar na Ballstáit agus na hacmhainní a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/1060. Ní rachaidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ a aistreofar chuig CUAC thar thrí oiread mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin cé is moite de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 10 3.
|
I gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh an ráta cómhaoinithe, ar ráta é is infheidhme don réigiún ina bhfuil an chríoch nó na críocha a shainaithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, don tosaíocht nó do na tosaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC os cionn:
(a)
85 % le haghaidh réigiúin lagfhorbartha;
(b)
70 % le haghaidh réigiúin trasdula;
(c)
50 % le haghaidh réigiúin níos forbartha.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Íocfaidh an Coimisiún 30 % de leithdháileadh CUAC, lena n-áirítear méideanna a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/1060, ar chlár mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an clár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) den Rialachán sin. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin amhail ón 1 Márta 2024. I gcomhréir le hAirteagal 90(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh. I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CUAC agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é. I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí. I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur i gcuntas chun na méideanna atá le saoradh a ríomh. De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.
|
|
Airteagal 10 5.
|
I gcás ina ndéantar acmhainní CUAC a chlársceidealú mar thosaíochtaí laistigh de chlár ina bhfuil acmhainní CFRE, CSE+ nó an Chiste Chomhtháthaithe freisin, sa bhreis ar an measúnú le haghaidh gach cláir ar thoradh an athbhreithnithe meántéarma atá le tíolacadh de bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 (
6
), féadfaidh na Ballstáit measúnú comhlántach chomh maith le hiarrataí gaolmhara ar leasuithe ar chláir a chur faoi bhráid an Choimisiúin an athuair, agus na cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2025/1914 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoin 31 Nollaig 2025 á gcur san áireamh. Beidh feidhm ag na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060. Féadfaidh clár den sórt sin tairbhe a bhaint as an réamh-mhaoiniú aonuaire breise dá dtagraítear in Airteagal 7a(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/1058, i gcás inarb infheidhme. I gcás ina mbaineann clár den sórt sin tairbhe as spriocdháta sínte le haghaidh incháilitheacht caiteachais agus le haghaidh saortha freisin i gcomhréir le hAirteagal 7a de Rialachán (AE) 2021/1058, beidh feidhm ag an síneadh sin maidir le hacmhainní CUAC freisin.
|
|
Airteagal 10 6.
|
I gcás ina ndéantar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gclár tiomnaithe, féadfaidh na Ballstáit tosaíochtaí tiomnaithe a bhunú chun tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP nó chun rochtain ar thithíocht inacmhainne a chur chun cinn, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (p), den Rialachán seo. I gcás ina ndéantar 10 % ar a laghad d’acmhainní airgeadais an chláir a ath-leithdháileadh ar thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear sa chéad fhomhír, íocfaidh an Coimisiún, in 2026, 1,5 % den tacaíocht iomlán ó CUAC don chlár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire. Ina theannta sin, déanfar ath-leithdháiltí ar thosaíochtaí tiomnaithe arna mbunú chun tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP arna bhformheas i leasuithe ar chláir roimh an athbhreithniú meántéarma a áireamh faoi chomhair na tairsí 10 % freisin. Ní dhéanfar acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur san áireamh chun an méid a chomhfhreagraíonn don 10 % d’acmhainní airgeadais acmhainní an chláir a ríomh. An réamh-mhaoiniú atá dlite don Bhallstát a eascraíonn as leasuithe ar chláir de bhun an ath-leithdháilte ar thosaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar é a áireamh mar íocaíochtaí a rinneadh in 2025 chun na méideanna atá le saoradh de bhun Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060 a ríomh, ar choinníoll gur tíolacadh an iarraidh ar leasú ar chlár in 2025. De mhaolú ar Airteagal 63(2) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, is é an 31 Nollaig 2030 dáta deiridh incháilitheacht an chaiteachais agus an tsaortha. Ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach amháin i gcás inar formheasadh leasuithe ar chlár lena ndéantar 10 % ar a laghad d’acmhainní airgeadais an chláir a ath-leithdháileadh ar thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó mar a leagtar amach sa dara fomhír den mhír seo. I gcás na gclár sin, i gcás ina mbunaítear le Rialachán (AE) 2021/1060 an dáta deiridh chun críocha chur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta agus na gceanglas bainistíochta airgeadais, tuairiscithe agus meastóireachta, léifear é sin mar thagairt don dáta céanna sa bhliain dár gcionn. Ina theannta sin, de mhaolú ar Airteagal 2, pointe (29), de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás na gclár sin, measfar go dtagraíonn an bhliain chuntasaíochta deiridh don tréimhse ón 1 Iúil 2030 go dtí an 30 Meitheamh 2031. Sa bhreis ar an measúnú le haghaidh gach cláir ar thoradh an athbhreithnithe meántéarma atá le tíolacadh de bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh na Ballstáit measúnú comhlántach chomh maith le hiarrataí gaolmhara ar leasuithe ar chláir a chur faoi bhráid an Choimisiúin an athuair, agus na gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2025/1914 faoin 31 Nollaig 2025 á gcur san áireamh. Beidh feidhm ag na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.09.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1056
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|