|
+Airteagal 11 2. |
Airteagal 11 2.Beidh na gnéithe seo a leanas in aon phlean críochach um aistriú cóir:
(a)
tuairisc ar an bpróiseas aistrithe ar an leibhéal náisiúnta i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céimeanna aistrithe tábhachtacha i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, atá comhsheasmhach leis an leagan is déanaí den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;
(b)
údar cuí le críocha a shainaithint a bheith faoin tionchar is diúltaí de dheasca an phróisis aistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus atá le tacaíocht a fháil ó CUAC, i gcomhréir le mír 1;
(c)
measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha a sainaithníodh mar na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ina sainaithnítear líon na bpost a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus líon na bpost a d’fhéadfadh cailleadh, na rioscaí dídhaonraithe, agus na riachtanais agus na cuspóirí forbartha, atá le baint amach faoi 2030 agus nasctha le claochlú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí atá dian ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de sna críocha sin;
(d)
tuairisc ar rannchuidiú measta na tacaíochta CUAC maidir le dul i ngleic le tionchair shóisialta, dhéimeagrafacha, eacnamaíocha, sláinte agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post;
(e)
measúnú ar a chomhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile;
(f)
tuairisc ar shásraí rialachais ina bhfuil socruithe comhpháirtíochta, na bearta faireacháin agus meastóireachta atá pleanáilte agus na comhlachtaí freagracha;
(g)
tuairisc ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu chun tionchar an aistrithe a laghdú;
(h)
i gcás ina bhfuil tacaíocht le soláthar d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna, liosta táscach d’oibríochtaí agus d’fhiontair a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh agus údar leis an ngá atá leis an tacaíocht sin, lena n-áirítear, i gcás inar gá chun críoch measúnaithe ar Státchabhair, anailís ar bhearnaí lena léirítear go rachadh na caillteanais post a bhfuiltear ag súil leo thar líon na bpost a bhfuiltear ag súil leis go gcruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;
(i)
i gcás ina bhfuil tacaíocht le soláthar d’infheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh agus údar go rannchuideoidís leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach agus go mbeadh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a rachadh faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don saor-leithdháileadh faoi Threoir 2003/87/CE mar thoradh orthu agus ar choinníoll go bhfuil gá leis na hoibríochtaí sin chun líon suntasach post a chosaint;
(j)
sineirgí agus comhlántachtaí le cláir ábhartha eile an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha shainaitheanta; agus
(k)
sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|