+Airteagal 11 Pleananna críochacha um aistriú cóir
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.

Airteagal 11 Pleananna críochacha um aistriú cóir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Ullmhóidh na Ballstáit, i gcomhar le húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha na gcríoch lena mbaineann, plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, a chomhfhreagraíonn do réigiúin NUTS leibhéal 3, nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir leis an oiriúnú measta oibrithe nó caillteanas measta post i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le claochlú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.
Airteagal 11 2.

Beidh na gnéithe seo a leanas in aon phlean críochach um aistriú cóir:

(a) 

tuairisc ar an bpróiseas aistrithe ar an leibhéal náisiúnta i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céimeanna aistrithe tábhachtacha i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, atá comhsheasmhach leis an leagan is déanaí den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

(b) 

údar cuí le críocha a shainaithint a bheith faoin tionchar is diúltaí de dheasca an phróisis aistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus atá le tacaíocht a fháil ó CUAC, i gcomhréir le mír 1;

(c) 

measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha a sainaithníodh mar na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ina sainaithnítear líon na bpost a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus líon na bpost a d’fhéadfadh cailleadh, na rioscaí dídhaonraithe, agus na riachtanais agus na cuspóirí forbartha, atá le baint amach faoi 2030 agus nasctha le claochlú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí atá dian ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de sna críocha sin;

(d) 

tuairisc ar rannchuidiú measta na tacaíochta CUAC maidir le dul i ngleic le tionchair shóisialta, dhéimeagrafacha, eacnamaíocha, sláinte agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post;

(e) 

measúnú ar a chomhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile;

(f) 

tuairisc ar shásraí rialachais ina bhfuil socruithe comhpháirtíochta, na bearta faireacháin agus meastóireachta atá pleanáilte agus na comhlachtaí freagracha;

(g) 

tuairisc ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu chun tionchar an aistrithe a laghdú;

▼M2

(h) 

i gcás ina bhfuil tacaíocht le soláthar d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna, liosta táscach d’oibríochtaí agus d’fhiontair a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh agus údar leis an ngá atá leis an tacaíocht sin, lena n-áirítear, i gcás inar gá chun críoch measúnaithe ar Státchabhair, anailís ar bhearnaí lena léirítear go rachadh na caillteanais post a bhfuiltear ag súil leo thar líon na bpost a bhfuiltear ag súil leis go gcruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;

(i) 

i gcás ina bhfuil tacaíocht le soláthar d’infheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh agus údar go rannchuideoidís leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach agus go mbeadh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a rachadh faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don saor-leithdháileadh faoi Threoir 2003/87/CE mar thoradh orthu agus ar choinníoll go bhfuil gá leis na hoibríochtaí sin chun líon suntasach post a chosaint;

▼B

(j) 

sineirgí agus comhlántachtaí le cláir ábhartha eile an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha shainaitheanta; agus

(k) 

sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir.

Airteagal 11 3.
Beidh na páirtithe ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta, rannpháirteach in ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060.
Airteagal 11 4.
Beidh na pleananna críochacha um aistriú cóir comhsheasmhach leis na straitéisí ábhartha críochacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le straitéisí ábhartha um speisialtóireacht chliste, leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

I gcás ina mbeidh gá le huasdhátú ar phlean críochach um aistriú cóir, de bharr athbhreithniú a dhéantar ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, déanfar an t-athbhreithniú sin mar chuid den athbhreithniú meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 11 5.
I gcás inar mian le Ballstáit leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ann tacaíocht a fháil faoi na colúin eile den Sásra um Aistriú Cóir, leagfar amach ina bplean críochach um aistriú cóir na hearnálacha agus na réimsí téamacha a bhfuil tacaíocht beartaithe ina leith faoi na colúin sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.09.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1056
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.