+Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “tástáil inghlacthachta” tástáil a dhéantar chun a chinneadh cibé an gcomhlíonann sár-ríomhaire EuroHPC sonraíocht an chórais;

(2) 

ciallaíonn “aga rochtana” tréimhse ríomhaireachta sár-ríomhaire a chuirtear ar fáil d’úsáideoir nó do ghrúpa úsáideoirí chun a gcláir ríomhaireachta a chur i gcrích;

(3) 

ciallaíonn “eintiteas cleamhnaithe” aon eintiteas dlíthiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

▼M1

(3a) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS” sár-ríomhaire a dheartar go príomha chun oiliúint a chur ar shamhlacha mórscála ilchuspóireacha intleachta saorga (IS) agus ar fheidhmchláir IS atá ag teacht chun cinn;

(3b) 

ciallaíonn “monarcha IS” eintiteas láraithe nó dáilte a sholáthraíonn bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta IS atá comhdhéanta de shár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS nó cuid de shár-ríomhaire, lárionad gaolmhar sonraí, rochtain thiomnaithe agus seirbhísí sár-ríomhaire atá dírithe ar IS agus tallann a mhealladh agus a chomhthiomsú chun na hinniúlachtaí is gá a sholáthar chun na sár-ríomhairí le haghaidh IS a úsáid;

▼M2

(3c) 

ciallaíonn “gigeamhonarcha na hIntleachta Saorga” nó “gigeamhonarcha IS” saoráid úrscothach mhórscála a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach aici chun láimhseáil a dhéanamh ar shaolré iomlán, ón bhforbairt go dtí tuiscint ar mórscála, samhlacha agus feidhmchláir mhórscála IS, lena soláthraítear bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta atá comhdhéanta d’acmhainneacht ríomhaireachta arna barrfheabhsú le IS, bonneagar lárionaid sonraí tacaíochta lena n-áirítear stóráil agus líonrú ardtoillte, timpeallachtaí tiomnaithe slána rochtana d’úsáideoirí néalríomhaireachta, agus seirbhísí tacaíochta slána speisialaithe atá dírithe ar IS dá chuid oibríochtaí ardfhorbartha agus a dtacaíonn bonneagair atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de leo, go háirithe le haghaidh córais soláthair fuinnimh agus uisce;

(3d) 

‘ciallaíonn “Cuibhreannas gigeamhonarchan na hIntleachta Saorga” nó “Cuibhreannas gigeamhonarchan IS” comhlachas eintiteas dlítheanach incháilithe atá ina gcuibhreannas agus atá faoi cheangal ag comhaontú cuibhreannais arb é is cuspóir dó gigeamhonarcha IS a bhunú agus a oibriú agus lena sonraítear róil agus freagrachtaí na n-eintiteas sin faoi seach ar feadh shaolré ghigeamhonarchan IS, nó eintiteas dlíthiúil nua arna bhunú chun gigeamhonarcha IS a bhunú agus a oibriú, agus tá cuibhreannas den sórt sin bunaithe go cuí san Aontas go ceann íostréimhse 5 bliana agus d’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe príobháideacha a bheith rannpháirteach i gComhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais.

(3e) 

ciallaíonn “Comhordaitheoir gigeamhonarchan IS” eintiteas dlítheanach, atá ionchorpraithe go cuí san Aontas agus atá ann go bailí faoi dhlíthe an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe, ar fíor an méid seo a leanas maidir leis: go bhfuil sé údaraithe de réir dlí ionadaíocht a dhéanamh ar Chuibhreannas gigeamhonarchan IS agus go bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil agus an t-údarás dlíthiúil aige Comhaontú Óstála gigeamhonarchan IS a dhéanamh, a fhorghníomhú agus a fheidhmiú; go bhfuil ceanncheathrú aige san Aontas; go bhfuil sé faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, mar a shainmhínítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus i bprionsabail ábhartha dhlí iomaíochta an Aontais, eintiteas dlítheanach nó ag daoine nádúrtha atá bunaithe laistigh den Aontas; agus go bhféadfach sé a bheith ina eintiteas óstach atá ann cheana a dhéanann ionadaíocht ar Stát Rannpháirteach ar Ballstát nó cuibhreannas óstála de Stáit Rannpháirteacha;

(3f) 

ciallaíonn “Comhaontú Óstála gigeamhonarchan IS” comhaontú idir an Comhghnóthas agus Comhordaitheoir gigeamhonarchan IS chun gigeamhonarcha IS a óstáil agus a oibriú;

(3g) 

ciallaíonn “eintiteas óstála gigeamhonarchan IS” eintiteas dlítheanach atá ainmnithe ag Cuibhreannas gigeamhonarchan IS chun Monarchan IS agus a seirbhísí a óstáil agus a oibriú, agus atá bunaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é;

(3h) 

“Is comhaontú idir an Comhghnóthas agus tríú tír é ‘Comhaontú Comhair maidir le gigeamhonarchana Intleachta Saorga” lena sonraítear cáilitheacht rannpháirtíochta i gCuibhreannas gigeamhonarchan IS agus rochtain úsáideora ar ghigeamhonarchana IS le haghaidh na n-eintiteas dlítheanach atá faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, eintiteas dlítheanach nó daoine nádúrtha atá bunaithe sa tríú tír sin;

(3i) 

is gigeamhonarcha IS í “gigeamhonarcha IS tíre aonair il-láithreán” a chuirtear chun úsáide i mbreis is suíomh fisiciúil amháin agus laistigh de chríoch breis is Ballstáit amháin;

(3j) 

is gigeamhonarcha IS í “gigeamhonarcha IS iltíre il-láithreán” a úsáidtear i mbreis agus suíomh fisiciúil amháin agus i gcríocha breis is Ballstát amháin;

▼B

(4) 

ciallaíonn “Ionad Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” tionscadal comhoibríoch a roghnaítear trí ghlao oscailte iomaíoch ar thograí chun an úsáid a bhaintear as cumais ríomhaireachta feidhmíochta foircní atá ar na bacáin a chur chun cinn, ionad a chuireann ar chumas pobail úsáideoirí i gcomhar le geallsealbhóirí eile sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta méadú ó scála a dhéanamh ar chóid chomhthreomhara reatha i dtreo feidhmíocht eicseascálaithe agus scálaithe fhoircnigh;

(5) 

ciallaíonn “comhdhearadh” cur chuige comhchoiteann idir soláthróirí agus úsáideoirí teicneolaíochta a bhíonn ag gabháil do phróiseas deartha ar bhonn comhoibritheach atriallach chun teicneolaíochtaí, feidhmchláir agus córais nua a fhorbairt;

(6) 

ciallaíonn “coinbhleacht leasa” cás a bhaineann le gníomhaí airgeadais nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

(7) 

ciallaíonn “comheintiteas” eintiteas ina gcuimsítear Comhalta Príobháideach den Chomhghnóthas, de bhun reachtanna gach Comhalta Phríobháidigh;

(8) 

ciallaíonn “cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha” cumann eintiteas dlíthiúil de chuid an Aontais a thagann le chéile ar mhaithe le sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch a fháil go comhpháirteach in éineacht leis an gComhghnóthas; féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe príobháideacha seo a bheith rannpháirteach i gComhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais;

▼M1

(9) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire EuroHPC” aon chóras ríomhaireachta atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais nó atá faoi chomhúinéireacht le Stáit Rannpháirteacha eile nó le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha agus atá ina shár-ríomhaire clasaiceach (sár-ríomhaire ardleibhéil, sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch, sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS nó sár-ríomhaire lár-raoin), ina ríomhaire clasaiceach-candamach hibrideach, ina ríomhaire candamach nó ina ionsamhlóir candamach;

▼B

(10) 

ciallaíonn “eicsea-scála” leibhéal feidhmíochta atá in ann 10 i gcumhacht 18 n-oibríocht sa soicind a dhéanamh (nó 1 eicsea-Flap);

(11) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire ardleibhéil” córas ríomhaire den chéad scoth a forbraíodh leis an teicneolaíocht is airde a bhíonn ar fáil ag pointe ama ar leith agus a bhaineann leibhéil feidhmíochta eicseascálaithe nó níos faide (i.e. iar-eicseascálaithe) amach i gcás feidhmchlár a théann i ngleic le fadhbanna níos casta;

(12) 

ciallaíonn “cuibhreannas óstach” grúpa Stát Rannpháirteach nó cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha atá tar éis aontú rannchuidiú le sár-ríomhaire EuroHPC a fháil agus a oibriú, lena n-áirítear aon eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do na Stáit Rannpháirteacha seo;

(13) 

ciallaíonn “eintiteas óstach” eintiteas dlítheanach ina n-áirítear saoráidí chun sár-ríomhaire EuroHPC a óstáil agus a oibriú agus atá bunaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é;

(14) 

ciallaíonn “hipearnasctha” cumarsáid atá in ann sonraí a aistriú ag 10 i gcumhacht 12 ghiotán sa soicind (1 teirighiotán sa soicind) nó thairis sin;

(15) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch” sár-ríomhaire lár-raoin, ar a laghad, a dearadh go sonrach le ceanglais slándála, rúndachta agus sláine sonraí d’úsáideoirí tionsclaíocha atá níos déine ná mar a bhíonn i gceist le húsáid eolaíoch;

(16) 

ciallaíonn “ranníocaíochtaí ilchineáil i leith gníomhaíochtaí indíreacha” arna gcistiú ó Fhís Eorpach ranníocaíochtaí ón Stát Rannpháirteach nó ó Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Chomhghnóthais sin, Stáit Rannpháirteacha an Chomhghnóthais sin agus aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais leis na costais sin;

(17) 

ciallaíonn “ranníocaíochtaí ilchineáil i leith gníomhaíochtaí” arna gcistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach nó ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ranníocaíochtaí ón Stát Rannpháirteach nó ó Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun cuid de ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Chomhghnóthais sin, Stáit Rannpháirteacha an Chomhghnóthais sin agus aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais leis na costais sin;

(18) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire lár-raoin” sár-ríomhaire den chéad scoth lena ngabhann ord amháin ar a mhéad de leibhéal feidhmíochta dearbhmhéide níos ísle ná sár-ríomhaire ardleibhéil;

(19) 

ciallaíonn “Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” eintiteas dlítheanacha, nó cuibhreannas eintiteas dlítheanacha, atá bunaithe i Stát Rannpháirteach, atá comhlachaithe le lárionad náisiúnta sár-ríomhaireachta an Stáit Rannpháirtigh sin, a sholáthraíonn rochtain de réir éilimh d’úsáideoirí ón earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, lucht acadúil, agus riaracháin phoiblí ar na sár-ríomhairí agus ar na teicneolaíochtaí, na huirlisí, na feidhmchláir agus na seirbhísí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta is déanaí, agus a thairgeann saineolas, scileanna, oiliúint, líonrú agus for-rochtain;

▼M2

(19a) 

ciallaíonn “Lárionad Inniúlachta Candamaí Náisiúnta” eintiteas dlítheanach, nó cuibhreannas eintiteas dlítheanach, atá bunaithe i Stát Rannpháirteach, a sholáthraíonn d’úsáideoirí ón tionscal, lena n-áirítear FBManna, an lucht acadúil agus eagraíochtaí déanta taighde, agus riaracháin phoiblí rochtain ar éileamh ar theicneolaíochtaí, uirlisí, feidhmchláir agus seirbhísí candamacha, chomh maith le bonneagair chandamacha náisiúnta nó Eorpacha, agus a thairgeann saineolas, scileanna, oiliúint, líonrú agus for-rochtain.

▼B

(20) 

ciallaíonn “stát breathnóireachta” tír atá incháilithe chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Chomhghnóthais arna chistiú ag Fís Eorpach nó ag an gClár don Eoraip Dhigiteach nach Stát Rannpháirteach é;

(21) 

ciallaíonn “Stát Rannpháirteach” tír atá ina comhalta den Chomhghnóthas;

(22) 

ciallaíonn “leibhéal feidhmíochta” líon na n-oibríochtaí snámhphointe in aghaidh an tsoicind (flapanna) is féidir le sár-ríomhaire a dhéanamh;

(23) 

ciallaíonn “Comhalta Príobháideach” aon chomhalta den Chomhghnóthas seachas an tAontas nó na Stáit Rannpháirteacha;

(24) 

is gléas ríomhaireachta é “ríomhaire candamach” a bhaineann leas as na dlíthe a bhaineann le meicnic chandamach chun tascanna áirithe ar leith a réiteach ag úsáid níos lú acmhainní ríomhaireachta dá bhrí sin ná mar a úsáideann ríomhairí clasaiceacha;

(25) 

ciallaíonn “ionsamhlóir candamach” gléas candamach atá fíor-inrialaithe lenar féidir léargais a fháil ar airíonna córas candamach casta nó fadhbanna ríomhaireachta sonracha nach mbíonn fáil ag ríomhairí clasaiceacha orthu a réiteach;

(26) 

ciallaíonn “slándáil an tslabhra soláthair” i gcás sár-ríomhaire EuroHPC na bearta a áireofar nuair a bheidh soláthróir an tsár-ríomhaire sin á roghnú chun a áirithiú go mbeidh comhpháirteanna, teicneolaíochtaí, córais agus fios gnó ar fáil, a bheidh riachtanach chun an sár-ríomhaire sin a fháil agus a oibriú; áirítear leis sin bearta chun na rioscaí a bhaineann le briseadh faoi dheoidh i soláthar na gcomhpháirteanna, na teicneolaíochta agus na gcóras sin a mhaolú, lena n-áirítear athruithe ar phraghsanna nó feidhmíocht níos ísle nó foinsí soláthair eile; cumhdaítear leis saolré iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.

(27) 

ciallaíonn “Clár Oibre Straitéiseach maidir le Taighde agus Nuálaíocht” an doiciméad ina gcumhdaítear tréimhse Fís Eorpach ina sainaithnítear na príomhthosaíochtaí agus na teicneolaíochtaí agus na nuálaíochtaí bunriachtanacha chun cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;

(28) 

ciallaíonn “clár straitéiseach ilbhliantúil” doiciméad ina leagtar amach straitéis le haghaidh ghníomhaíochtaí uile an Chomhghnóthais;

(29) 

ciallaíonn “sár-ríomhaireacht” ríomhaireacht ar leibhéil feidhmíochta ina n-éilítear comhtháthú ollmhór na ngnéithe ríomhaireachta aonair, lena n-áirítear comhpháirteanna candamacha, chun fadhbanna a réiteach nach féidir le gnáthchórais ríomhaireachta a láimhseáil;

(30) 

ciallaíonn “costas iomlán úinéireachta” sár-ríomhaire EuroHPC na costais fála móide na costais oibriúcháin, lena n-áirítear cothabháil, go dtí go n-aistreofar úinéireacht an tsár-ríomhaire chuig an eintiteas óstach nó go ndíolfar é, nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire gan úinéireacht a aistriú;

(31) 

ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (25) de Rialachán (AE) 2021/695 nó, i gcás inarb ábhartha, an doiciméad a fheidhmíonn freisin mar an clár oibre dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694, nó in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/1153.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.