|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.Is iad seo a leanas na cuspóirí foriomlána a bheidh ag an gComhghnóthas:
(a)
rannchuidiú le Rialachán (AE) 2021/695 agus go háirithe Airteagal 3 de a chur chun feidhme, tionchar eolaíoch, eacnamaíoch, comhshaoil, teicneolaíoch agus sochaíoch a chur ar fáil ó infheistíochtaí an Aontais i dtaighde agus i nuálaíocht, d’fhonn boinn eolaíochta agus teicneolaíochta an Aontais a neartú, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus rannchuidiú chun cuspóirí agus beartais an Aontais a fhíorú, agus rannchuidiú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ach cloí le prionsabail Chlár Oibre na Náisiúin Aontaithe 2030 agus Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ( 2 );
(b)
dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear trí ghlaonna comhpháirteacha, chomh maith le sineirgí a lorg le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach, go háirithe leo sin a thacaíonn le réitigh nuálacha a chur chun úsáide, forbairt oideachais agus réigiúnach, i gcás inarb ábhartha;
(c)
bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha den chéad scoth a bheidh comhtháite, dírithe ar éileamh agus dírithe ar riachtanais an úsáideora a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothabháil san Aontas;
(d)
an bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha a chónascadh agus é a idirnascadh leis na spásanna sonraí Eorpacha agus le héiceachóras néil chun seirbhísí ríomhaireachta agus sonraí a sholáthar do raon leathan úsáideoirí poiblí agus príobháideacha san Eoraip;
(e)
barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn agus tacú le glacadh agus úsáid chórasach thorthaí an taighde agus na nuálaíochta arna nginiúint san Aontas.
(f)
éiceachóras sár-ríomhaireachta agus sonraí fíor-iomaíoch agus nuálach a dháiltear go forleathan san Eoraip a fhorbairt tuilleadh agus tacú leis, rud a rannchuideoidh le ceannaireacht eolaíoch agus dhigiteach an Aontais, a bheidh ábalta teicneolaíochtaí agus ailtireachtaí ríomhaireachta a tháirgeadh go neamhspleách agus iad a chomhtháthú ar phríomhchórais ríomhaireachta, agus feidhmchláir forbartha a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin;
(fa)
tacú le taighde agus nuálaíocht bhunúsach fheidhmeach úrscothach i dteicneolaíochtaí candamacha, lena n-aistriú ón tsaotharlann go dtí an mhonarcha, agus lena gcur chun úsáide, lena nglacadh agus lena gcomhtháthú i mbonneagair chandamacha den chéad scoth, chun éiceachóras candamach dinimiciúil, nuálach, inbhuanaithe agus athléimneach a thógáil ar fud an Aontais, agus chun ceannaireacht eolaíoch agus thionsclaíoch, iomaíochas, uathriail straitéiseach agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais sa ríomhaireacht chandamach, sa chumarsáid chandamach agus sa bhrath candamach a áirithiú;
(g)
an úsáid a bhaintear as córais sár-ríomhaireachta a leathnú agus príomhscileanna a fhorbairt a theastaíonn ó eolaíocht agus earnáil tionsclaíochta na hEorpa;
(h)
monarchana IS a fhorbairt agus a oibriú, agus tacú le bunú gigeamhonarchana IS agus a seirbhísí, agus rochtain orthu, d’fhonn éiceachóras IS dinimiciúil, nuálach, inbhuanaithe agus athléimneach a thógáil ar fud an Aontais, agus ceannaireacht eolaíoch agus thionsclaíoch a áirithiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|