+Airteagal 3 Misean agus cuspóirí
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.

Airteagal 3 Misean agus cuspóirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Is é a bheidh mar mhisean ag an gComhghnóthas seirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus éiceachóras bonneagar sonraí den chéad scoth a bheidh cónasctha, slán, idir-inoibritheach agus hipearnasctha a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothú san Aontas. Tacófar leis le forbairt agus glacadh córas sár-ríomhaireachta nuálach iomaíoch atá dírithe ar éileamh agus faoi stiúir an úsáideora agus teicneolaíochtaí agus córas candamach agus le forbairt raon leathan feidhmchlár a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin. Beidh sé bunaithe a mhéid is féidir ar shlabhra soláthair Eorpach chun an riosca suaite agus spleáchais a theorannú agus chun uathriail straitéiseach agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a threisiú, agus úsáid na gcomhpháirteanna, na dteicneolaíochtaí agus an eolais is fearr á háirithiú ag an am céanna. Thairis sin, déanfaidh sé úsáid an éiceachórais bonneagair sin a leathnú amach chuig raon leathan úsáideoirí poiblí agus príobháideacha agus tacóidh sé leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus le príomhscileanna a fhorbairt do lucht saothair na hEorpa san eolaíocht agus sa tionsclaíocht.
Airteagal 3 2.

Is iad seo a leanas na cuspóirí foriomlána a bheidh ag an gComhghnóthas:

(a) 

rannchuidiú le Rialachán (AE) 2021/695 agus go háirithe Airteagal 3 de a chur chun feidhme, tionchar eolaíoch, eacnamaíoch, comhshaoil, teicneolaíoch agus sochaíoch a chur ar fáil ó infheistíochtaí an Aontais i dtaighde agus i nuálaíocht, d’fhonn boinn eolaíochta agus teicneolaíochta an Aontais a neartú, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus rannchuidiú chun cuspóirí agus beartais an Aontais a fhíorú, agus rannchuidiú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ach cloí le prionsabail Chlár Oibre na Náisiúin Aontaithe 2030 agus Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ( 2 );

(b) 

dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear trí ghlaonna comhpháirteacha, chomh maith le sineirgí a lorg le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach, go háirithe leo sin a thacaíonn le réitigh nuálacha a chur chun úsáide, forbairt oideachais agus réigiúnach, i gcás inarb ábhartha;

(c) 

bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha den chéad scoth a bheidh comhtháite, dírithe ar éileamh agus dírithe ar riachtanais an úsáideora a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothabháil san Aontas;

(d) 

an bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha a chónascadh agus é a idirnascadh leis na spásanna sonraí Eorpacha agus le héiceachóras néil chun seirbhísí ríomhaireachta agus sonraí a sholáthar do raon leathan úsáideoirí poiblí agus príobháideacha san Eoraip;

(e) 

barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn agus tacú le glacadh agus úsáid chórasach thorthaí an taighde agus na nuálaíochta arna nginiúint san Aontas.

(f) 

éiceachóras sár-ríomhaireachta agus sonraí fíor-iomaíoch agus nuálach a dháiltear go forleathan san Eoraip a fhorbairt tuilleadh agus tacú leis, rud a rannchuideoidh le ceannaireacht eolaíoch agus dhigiteach an Aontais, a bheidh ábalta teicneolaíochtaí agus ailtireachtaí ríomhaireachta a tháirgeadh go neamhspleách agus iad a chomhtháthú ar phríomhchórais ríomhaireachta, agus feidhmchláir forbartha a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin;

▼M2

(fa) 

tacú le taighde agus nuálaíocht bhunúsach fheidhmeach úrscothach i dteicneolaíochtaí candamacha, lena n-aistriú ón tsaotharlann go dtí an mhonarcha, agus lena gcur chun úsáide, lena nglacadh agus lena gcomhtháthú i mbonneagair chandamacha den chéad scoth, chun éiceachóras candamach dinimiciúil, nuálach, inbhuanaithe agus athléimneach a thógáil ar fud an Aontais, agus chun ceannaireacht eolaíoch agus thionsclaíoch, iomaíochas, uathriail straitéiseach agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais sa ríomhaireacht chandamach, sa chumarsáid chandamach agus sa bhrath candamach a áirithiú;

▼B

(g) 

an úsáid a bhaintear as córais sár-ríomhaireachta a leathnú agus príomhscileanna a fhorbairt a theastaíonn ó eolaíocht agus earnáil tionsclaíochta na hEorpa;

▼M2

(h) 

monarchana IS a fhorbairt agus a oibriú, agus tacú le bunú gigeamhonarchana IS agus a seirbhísí, agus rochtain orthu, d’fhonn éiceachóras IS dinimiciúil, nuálach, inbhuanaithe agus athléimneach a thógáil ar fud an Aontais, agus ceannaireacht eolaíoch agus thionsclaíoch a áirithiú.

Airteagal 3 3.
Rannchuideoidh an Comhghnóthas le leasanna an Aontais a chosaint nuair a bheidh sár-ríomhairí á soláthar agus tacóidh sé le forbairt agus glacadh na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta (HPC), IS agus na dteicneolaíochtaí candamach, na gcóras agus na bhfeidhmchlár. Cumasóidh sé cur chuige comhdhearaidh chun sár-ríomhairí den chéad scoth a fháil, agus tabharfaidh sé cosaint ag an am céanna do shlándáil shlabhra soláthair na dteicneolaíochtaí agus na gcóras a gheofar. Rannchuideoidh sé le huathriail straitéiseach an Aontais, agus geilleagar oscailte san Aontas á chaomhnú aige ag an am céanna, tacóidh sé le forbairt teicneolaíochtaí agus feidhmchlár lena dtreisítear slabhraí soláthair HPC, IS agus na ríomhaireachta candamaí san Eoraip agus cuirfidh sé chun cinn a gcomhtháthú i gcórais a thugann aghaidh ar líon mór riachtanas eolaíochta, sochaíoch, comhshaoil, tionsclaíoch agus úsáide slándála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.