►C1
D’fhonn na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3) (b) go (g) de na Reachtanna a luacháil,
◄ cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na n-eintiteas lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe agus leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta is infheidhme agus na Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta. Is iniúchóir seachtrach neamhspleách a dheimhneoidh na costais, iniúchóir a cheapfaidh an t-eintiteas lena mbaineann nó údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach. Féadfaidh an Comhghnóthas an modh luachála a dheimhniú, i gcás ina mbeadh aon éiginnteacht ann de bharr an deimhniúcháin. Má tá éiginnteacht ann fós, féadfaidh an Comhghnóthas iniúchadh a dhéanamh ar an modh luachála.