+Airteagal 7 Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí eile seachas an tAontas féin
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
|
Airteagal 7 Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí eile seachas an tAontas féin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht iomlán atá i gcomhréir le méid na ranníocaíochta ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha a ranníocaíochtaí comhchoiteanna a shocrú eatarthu agus conas a sholáthróidh siad iad. Ní dhéanfaidh sin difear do chumas gach Stáit Rannpháirtigh a ranníocaíocht airgeadais náisiúnta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 8.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Déanfaidh Comhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíochtaí EUR 900 000 000 ar a laghad leis an gComhghnóthas.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo, ranníocaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 15 de na Reachtanna.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Féadfaidh gach Stát Rannpháirteach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3)(f) de na Reachtanna a sholáthar do thairbhithe atá bunaithe sa Stát Rannpháirteach sin. Féadfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht an Chomhghnóthais a chomhlánú, laistigh den uasráta aisíocaíochta is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 34 de Rialachán 2021/695, Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/694 agus in Airteagal 14 Rialachán (AE) 2021/1153. Beidh na ranníocaíochtaí sin gan dochar do rialacha Státchabhrach.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Tabharfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais seachas an tAontas tuairisc faoin 31 Eanáir gach bliain don Bhord Rialaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 15 de na Reachtanna, maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a rinneadh sa bhliain airgeadais roimhe sin.
|
|
Airteagal 7 6.
|
►C1
D’fhonn na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3) (b) go (g) de na Reachtanna a luacháil, ◄ cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na n-eintiteas lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe agus leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta is infheidhme agus na Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta. Is iniúchóir seachtrach neamhspleách a dheimhneoidh na costais, iniúchóir a cheapfaidh an t-eintiteas lena mbaineann nó údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach. Féadfaidh an Comhghnóthas an modh luachála a dheimhniú, i gcás ina mbeadh aon éiginnteacht ann de bharr an deimhniúcháin. Má tá éiginnteacht ann fós, féadfaidh an Comhghnóthas iniúchadh a dhéanamh ar an modh luachála.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí nó an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 23 de na Reachtanna a chur ar siúl sna cásanna seo a leanas:
(a)
má mhainníonn an Comhghnóthas na coinníollacha a chomhlíonadh do ranníocaíocht ón Aontais; nó
(b)
má mhainníonn na comhaltaí seachas an tAontas nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht a dhéanamh, nó mura ndéantar ranníocaíocht ach go páirteach nó mura dtugann siad urraim do na tréimhsí ama maidir leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo; nó
(c)
de thoradh na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 24.
Ní chuirfidh cinneadh an Choimisiúin maidir leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí bac ar aisíocaíocht na gcostas incháilithe a thabhaíonn na comhaltaí seachas an tAontas sula dtugtar fógra faoin gcinneadh don Chomhghnóthas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|