+Airteagal 9 Eintiteas óstach
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Article 9 5a.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 6a.
---+Airteagal 9 7.
|
Airteagal 9 Eintiteas óstach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Beidh na sár-ríomhairí EuroHPC lonnaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é. I gcás ina mbeidh sár-ríomhaire EuroHPC á óstáil cheana féin ag Stát Rannpháirteach, ar sár-ríomhaire ardleibhéil nó sár-ríomhaire lár-raoin é, ní bheidh sé incháilithe páirt a ghlacadh i nglao nua ar léiriú spéise do ghiniúint incriminteach na sár-ríomhairí sin roimh chúig bliana ar a laghad ón dáta roghnúcháin tar éis glao roimhe sin ar léiriú spéise. I gcás ríomhairí candamacha agus insamhlóirí candamacha a fháil, nó sár-ríomhaire EuroHPC a uasghrádú le luasairí candamacha, laghdaítear an tréimhse sin go dhá bhliain.
|
|
Airteagal 9 2.
|
I gcás na sár-ríomhairí EuroHPC dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 14, féadfaidh an t-eintiteas óstach ionadaíocht a dhéanamh ar Stát Rannpháirteach ar Ballstát nó cuibhreannas óstach é. Déanfaidh an t-eintiteas óstach agus údaráis inniúla an Stáit Rannpháirtigh nó na Stát Rannpháirteach i gcuibhreannas óstach comhaontú chuige sin.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Déanfaidh an Comhghnóthas oibriú gach sár-ríomhaire EuroHPC aonair atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais, nó atá faoina chomhúinéireacht i gcomhréir le hAirteagail 11, 12 agus 14 a chur ar iontaoibh an eintitis óstach.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Roghnófar na heintitis óstaigh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus an Stát Rannpháirteach comhfhreagrach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó an cuibhreannas óstach comhfhreagrach trí phróiseas cothrom trédhearcach bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:
(a)
comhlíonadh shonraíochtaí ginearálta an chórais a shainítear sa ghlao ar léiriú spéise;
(b)
costas iomlán úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC, lena n-áirítear meastachán cruinn agus modh fíorúcháin do chostais oibriúcháin an tsár-ríomhaire sin i rith a shaolré;
(c)
taithí an eintitis óstaigh ar chórais den chineál céanna a shuiteáil agus a oibriú;
(d)
cáilíocht bhonneagar fisiceach agus TF na saoráide óstála, a shlándáil agus a nascacht leis an gcuid eile den Aontas;
(e)
an cháilíocht seirbhíse do na húsáideoirí, eadhon cumas chun an comhaontú seirbhíse a chuirtear ar fáil i measc na ndoiciméad a bhíonn ag gabháil leis an nós imeachta roghnúcháin a chomhlíonadh;
(f)
doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha an chuibhreannais óstaigh chun sciar de chostas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach bhfuil cumhdaithe ag ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile ón Aontas faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6, go dtí go n-aistreoidh an Comhghnóthas a úinéireacht chuig an eintiteas óstach sin nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire mura ndéantar aon aistriú ar an úinéireacht.
I gcás na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS, beidh feidhm ag na critéir roghnúcháin bhreise seo a leanas maidir leis na heintitis óstacha:
(a)
gaireacht le lárionad sonraí bunaithe, nó nasc le lárionad sonraí bunaithe trí líonraí fíor-ardluais;
(b)
fís, pleananna agus cumas an eintitis óstaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse IS, éiceachóras an taighde agus na nuálaíochta, agus phobal úsáideoirí IS agus seirbhís tacaíochta láraithe nó dáilte sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS a chur ar fáil;
(c)
cáilíocht agus ábharthacht na taithí agus an tsaineolais atá ar fáil i measc an bhfoireann a bhfuiltear ag súil go mbeidh siad i gceannas ar thimpeallacht thacúil na seirbhíse sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS;
(d)
pleananna le haghaidh idirghníomhaíochta agus comhair le monarchana IS eile, le Lárionaid Inniúlachta EuroHPC agus le Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC agus le tionscnaimh ábhartha IS mar atá moil na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse na hintleachta saorga, éiceachórais na hintleachta saorga agus na sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, an tArdán Lárnach Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an intleacht shaorga agus tionscnaimh ghaolmhara eile;
(e)
cumais atá ann cheana agus pleananna amach anseo de chuid an eintitis óstaigh chun rannchuidiú le forbairt an díorma tallainne
|
|
Article 9 5a.
|
An existing hosting entity may apply to become an AI factory. Following a call for expression of interest, an existing hosting entity shall be selected by the Governing Board through a fair and transparent process based, inter alia, on the selection criteria described in Article 9(5), second subparagraph, and provided that the hosting entity can demonstrate that its EuroHPC supercomputer has enough computing resources for training large scale, general-purpose AI models and emerging AI applications.
|
|
Airteagal 9 6.
|
I gcás na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch dá dtagraítear in Airteagal 13, déanfaidh an t-eintiteas óstach comhaontú le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha ar mhaithe le hullmhú chun sár-ríomhairí den sórt sin nó codanna de shár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus a oibriú.
Déanfar na coinníollacha seo a leanas a urramú agus sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch á óstáil:
(a)
déanfaidh an Comhghnóthas oibriú gach sár-ríomhaire EuroHPC aonair de ghrád tionsclaíoch atá faoi chomhúinéireacht i gcomhréir le hAirteagal 13 a chur ar iontaoibh an eintitis óstaigh;
(b)
déanfar na heintitis óstaigh a roghnú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19;
(c)
tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstach agus a chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha trí phróiseas cothrom agus trédhearcach bunaithe, inter alia, ar na nithe seo a leanas:
(i)
na critéir a leagtar amach i míreanna 5(a) go dtí 5(e) den Airteagal seo; agus
(ii)
doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an chuibhreannais comhpháirtithe príobháideacha chun sciar de chostas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile ón Aontas faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6.
|
|
Airteagal 9 6a.
|
Maidir le sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS dá dtagraítear in Airteagal 12a, cruthóidh an t-eintiteas óstach ionad ilfhreastail d’úsáideoirí, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus úsáideoirí eolaíocha eile, chun rochtain ar a sheirbhísí tacaíochta a éascú.
|
|
Airteagal 9 7.
|
An t-eintiteas óstach a roghnófar, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh cuireadh a thabhairt, faoi réir comhaontú roimh ré an Choimisiúin, do Stáit Rannpháirteacha bhreise, nó do chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, dul isteach sa chuibhreannas óstach. An ranníocaíocht airgeadais agus an ranníocaíocht chomhchineáil ná aon ghealltanas eile a thabharfaidh na Stáit Rannpháirteacha nua, nó na Comhaltaí Príobháideacha, ní dhéanfaidh siad difear don ranníocaíocht airgeadais ón Aontas agus na cearta úinéireachta comhfhreagracha agus an céatadán aga rochtana a leithdháilfear ar an Aontas maidir leis an sár-ríomhaire EuroHPC sin mar a shainmhínítear in Airteagail 11, 12, 13, agus 14.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|