+Airteagal 13 Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
|
Airteagal 13 Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Gheobhaidh an Comhghnóthas, in éineacht le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, sár-ríomhairí lár-raoin ar a laghad, nó codanna de shár-ríomhairí EuroHPC, atá ceaptha go príomha le húsáid san earnáil tionsclaíochta, agus is é a bheidh ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 35 % de chostais fála na sár-ríomhairí EuroHPC, nó na codanna de shár-ríomhairí EuroHPC. Cumhdóidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha an costas iomlán úinéireachta a bheidh fágtha de na sár-ríomhairí EuroHPC, nó codanna de na sár-ríomhairí EuroHPC.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Beidh roghnú an tsoláthróra sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch bunaithe ar shonraíochtaí na tairisceana lena gcuirfear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna soláthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníollacha a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus sár-ríomhairí de ghrád tionsclaíoch EuroHPC á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694 nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Is in eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC a dhéanfar sár-ríomhairí EuroHPC nó codanna den sár-ríomhaire EuroHPC i gcomhair úsáid thionsclaíoch a óstáil.
|
|
Airteagal 13 6.
|
Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, 4 bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an Chomhghnóthais ar na sár-ríomhairí EuroHPC arna suiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistriú chuig an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha. I gcás úinéireacht sár-ríomhaire EuroHPC a aistriú, déanfaidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha luach iarmharach an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha ach go gcinnfear é a dhíchoimisiúnú, cumhdóidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha na costais ábhartha. Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dliteanas i leith na gcostas arna dtabhú i ndiaidh úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistriú nó i ndiaidh é a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|