+Airteagal 15 Sár-ríomhairí a uasghrádú
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
|
Airteagal 15 Sár-ríomhairí a uasghrádú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Féadfaidh an Comhghnóthas glao ar léirithe spéise a sheoladh chun na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil sé ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu a uasghrádú, chun leibhéal feidhmíochta an tsár-ríomhaire a ardú gar don eacsascálú, nó chun cumais IS an tsár-ríomhaire a mhéadú, nó chun feidhmíocht oibríochtúil an tsár-ríomhaire a mhéadú ar bhealach ar bith eile, lena n-áirítear trí bhíthin luasairí candamacha.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstála trí phróiseas cothrom trédhearcach a bheidh bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:
(b)
comhoiriúnacht leis an sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh;
(c)
méadú ar fheidhmíocht acmhainneacht oibríochtúil an tsár-ríomhaire EuroHPC;
(d)
doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha an chuibhreannais óstaigh chun sciar de chostas uasghrádaithe an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6, go dtí go n-aistreoidh an Comhghnóthas a úinéireacht chuig an eintiteas óstach sin nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire mura ndéanfar aon aistriú ar an úinéireacht.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Gheobhaidh an Comhghnóthas, go comhpháirteach le húdaráis chonarthacha an Stáit Rannpháirtigh ina bhfuil an t-eintiteas óstach roghnaithe bunaithe nó le húdaráis chonarthacha na Stát Rannpháirteach sa chuibhreannas óstach roghnaithe, uasghrádú an tsár-ríomhaire agus beidh sé ina úinéir air faoi choinníollacha céanna úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC bunaidh.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais fála an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh, arna dhímheas thar shaolré ionchasach an tsár-ríomhaire bunaidh. Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais oibríochtúla bhreise an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh. I gcás na sár-ríomhairí peiteascála arna bhfáil agus Rialachán (AE) 2018/1488 i bhfeidhm, cumhdófar le ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh an uasghrádaithe suas le 35 % de na costais oibríochtúla bhreise.
|
|
Airteagal 15 6.
|
Ní thiocfaidh athrú ar an sciar d’aga rochtana an Aontais ar an sár-ríomhaire EuroHPC uasghrádaithe le linn shaolré an mheaisín. Má tá méadú acmhainneachta i gceist leis an uasghrádú, beidh an t-aga rochtana breise comhréireach go díreach le rannchuidiú an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|