+Airteagal 17 Aga rochtana an Aontais ar na sár-ríomhairí EuroHPC a leithdháileadh
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
---+Airteagal 17 9.
---+Airteagal 17 10.
---+Airteagal 17 11.
|
Airteagal 17 Aga rochtana an Aontais ar na sár-ríomhairí EuroHPC a leithdháileadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC ardleibhéil candamach, agus arna bharrfheabhsú le IS i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) le costas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC agus, dá bhrí sin, ní rachaidh sé thar 50 % d’aga rochtana iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.
|
|
Airteagal 17 2.
|
Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC lár-raoin i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), le costas fála agus oibriúcháin an tsár-ríomhaire agus ní rachaidh sé thar 35 % d’am rochtana iomlán an tsár-ríomhaire.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), le chostas fála an tsár-ríomhaire, agus ní rachaidh sé thar 35 % d’am rochtana iomlán an tsár-ríomhaire.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Déanfar an t-aga rochtana a bheidh fágtha ar gach sár-ríomhaire EuroHPC a leithdháileadh ar gach Stát Rannpháirteach ina bhfuil eintiteas óstach bunaithe nó ar gach Stát Rannpháirteach i gcuibhreannas óstach. I gcás cuibhreannas óstach, comhaontóidh na Stáit Rannpháirteacha eatarthu féin an dáileadh aga rochtana don sár-ríomhaire.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Saineoidh an Bord Rialaithe na cearta rochtana ar sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC.
|
|
Airteagal 17 6.
|
Beidh an úsáid a bhainfear as sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC saor in aisce do na húsáideoirí ón earnáil phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 16(4) Beidh sé saor in aisce freisin d’úsáideoirí tionsclaíochta i gcás feidhmchláir a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag Fís Eorpach nó ag an gClár don Eoraip Dhigiteach chomh maith leo siúd ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu faoin gclár Fís Eorpach nó faoin Chlár don Eoraip Dhigiteach agus le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha FBManna, i gcás inarb iomchuí. Mar threoirphrionsabal, beidh leithdháileadh aga rochtana do na gníomhaíochtaí sin bunaithe ar phróiseas athbhreithnithe piaraí a bheidh cothrom agus trédhearcach arna shainiú ag an mBord Rialaithe tar éis glaonna leanúnacha oscailte ar léiriú spéise arna seoladh ag an gComhghnóthas.
|
|
Airteagal 17 7.
|
Cé is moite d’úsáideoirí FBM a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha, glacfaidh úsáideoirí eile le cur chuige na heolaíochta oscailte maidir le scaipeadh eolais a fhaightear trí rochtain ar shár-ríomhairí an Chomhghnóthais, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/695. Tabharfaidh an Bord Rialaithe sainiú breise ar na rialacha eolaíochta oscailte is infheidhme.
|
|
Airteagal 17 8.
|
Saineoidh an Bord Rialaithe na rialacha sonracha le haghaidh coinníollacha rochtana a imíonn ó na treoirphrionsabail dá dtagraítear i mír 6. Baineann siad sin le leithdháileadh aga rochtana do thionscadail agus gníomhaíochtaí a mheastar a bheith straitéiseach don Aontas.
|
|
Airteagal 17 9.
|
Ar iarraidh sin don Aontas, deonóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin rochtain dhíreach ar na sár-ríomhairí EuroHPC do thionscnaimh is dóigh leis an Aontas a bheith riachtanach chun seirbhísí tacaíochta a bhaineann le sláinte nó leis an aeráid nó seirbhísí tacaíochtaí éigeandála criticiúla eile a sholáthar ar mhaithe le leas an phobail, ar chásanna éigeandála agus bainistithe géarchéime nó ar chásanna is dóigh leis an Aontas a bheith riachtanach dá shlándáil agus dá chosaint. Saineofar na modhanna agus na coinníollacha maidir le rochtain den sórt sin a chur chun feidhme sna coinníollacha rochtana arna nglacadh ag an mBord Rialaithe.
|
|
Airteagal 17 10.
|
Saineoidh an Bord Rialaithe na coinníollacha a mbeidh feidhm leo d’úsáid thionsclaíoch chun rochtain a sholáthar ar sciar an Aontais den aga rochtana chun acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus sonraí d’fheidhmchláir seachas iad sin a shonraítear i mír 6 a dhaingniú.
|
|
Airteagal 17 11.
|
Déanfaidh an Bord Rialaithe faireachán rialta ar sciar an Aontais den aga rochtana a dheonófar in aghaidh an Stáit Rannpháirtigh agus in aghaidh gach catagóire úsáideora, lena n-áirítear chun críoch tráchtála. Féadfaidh sé an méid a leanas, i measc nithe eile, a chinneadh:
(a)
agaí rochtana a chur in oiriúint an athuair de réir na catagóire gníomhaíochta nó úsáideora, agus é mar aidhm cumais úsáide na sár-ríomhairí EuroHPC a fheabhsú;
(b)
bearta breise tacaíochta a mholadh d’fhonn deiseanna cothroma rochtana a sholáthar d’úsáideoirí a mbeadh sé d’aidhm acu a leibhéal scileanna agus saineolais i gcórais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a ardú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|